“Do bhí ach níl anois. Ní fheicfead-sa aon phráta fásta insa pháirc sin.”
Is mó rud ná cuireann duine suim ann nó go mbíonn sé déanach; agus tar éis dom athair a bheith curtha i dtalamh iseadh do bhí an léan orainn nár chuir ceist air, an b’amhlaidh a chonnaic sé nó a chualaidh sé aon rud timcheall uirthi ar a thurus do innti. Gan dabhat do thuit ní éigin aca amach air tráth is gur chuir sé dát a shaoghail leis féin.
Do bhí m’athair san uaigh sara raibh na prátaí ar barra. D’fhág san a thuille de bhrácadh an tsaoghail ar Thomás bocht agus níorbh’ é deire an bhráctha agam é ach oiread.
Timcheall na Bealtaine do bhí mairciréil le fagháil sa mbliain sin agus deineadh pingní maithe dhíobh. Do bhí cúig phúint spártha agam tar éis aon tseachtain amháin. D’éag m’athair annsan agus b’éigean dom breith ar mo chúig phúint spártha agus comhra do chur air leis. Ní raibh comhra comh daor an uair úd agus tá sí fé láthair. Timcheall deich púint dob’ eadh an tórramh ar fad an uair úd. Deich púint fhichead go minic ó shin.
Tar éis an méid sin do bheith tharm dob’ éigean dom breis oibre bhaint as na cnámha agus tar éis m’annróidh ar shaothar na páirce bige ní raibh lán dhá phaca ar fad innti ach gur bhaineas trí bharra coirce dhi agus dob’ é an barra déanach an ceann dob fhearr aca.
Thugas fé’n dtaobh eile de’n bpáirc bhig an ath-bhliain agus ba mhó go mór an toradh do bhí agam ar an dtaobh san ná as an chéad leath a dheineas a bhriseadh dhi, mar do bhí breis cur amach agam ar cad é an sórt mianaigh a bhí innti agus do dheineas riarú ar an leasú do’n réir sin.
Do bhí deich paca insa leath so agus coirce ar feadh trí mblian, mar d’fhéachas chuige breis de dheascaibh mo shúile do bheith oscailte ó’n dtaobh eile. Rud eile do bhí insa scéal, is mó duine comharsan a thug a bheannacht dom mar do shíninn mo lámh go minic chúcha i n-easnamh síl.
Achar gearra ’n-a dhiaidh sin do chrom mo mháthair ar bheith ag