bhuail m’úncail Diarmaid liom agus ní ró mhaith an cúntas do bhí aige dhom. Do bhí an tarna mac leis ag ceiliúradh air, nár chuaidh sé i bhfeighil aon chodlata araer. “Cad fé ndeara san duit?” arsa mise. “Ó ’chroidhe, é bheith leath as a mheabhair,” ar seisean.
“Ach b’fhéidir gur taom galair atá ag tosnú leis,” arsa mise.
“N’fheadar,” ar seisean, “ach is eagal liom go bhfuil a ghnó déanta!”
“Dhera, a dhuine, tóg bog é. Nach mó rud a thagann ar na daoine agus go gcrothaid díobh é.”
Seadh, do chuir sé cúpla lá eile dhe agus ní raibh sé le feiscint chuige agam. “Ní foláir,” arsa mise liom féin, “nach mór an t-aistear dom dul mar a bhfuil siad agus ’fhios a bheith agam conus mar tá aca, trí n-a chéile, mar ba lán-mhaith an sás é féin lá an ghádhtair.”
Do phreabas as an machtnamh san agus níor stadas d’aon ráib amháin nó gur shroicheas an tigh. Ní raibh an duine bocht ar a shástacht romham. Do chuireas ceist air an i bhfeabhas nó i n-olcas do bhí sé ag dul. “Is ag gríosú air atá,” ar seisean.
Tháinig taise agus truagh agam dom’ shean-úncail bocht mar ba mhinic chugham é ag cur suainis agus staidéir orm insa chruadh-chás dom féin; agus dob’ fhearr liom gurbh’ é an galar báis a bheadh tagaithe ar an mac, agus b’fhearr leis féin é. Rud breagh iseadh an bás seachas neithe eile a bhíonn os cionn an pheacaigh bhoicht.
Do bhuaileas an doras amach ó’n réic bhocht agus ce gur minic an ainm sin agam air insa scríbhinn seo dob’ ainm bhréige í mar nárbh’ eadh é ach a mhalairt. Ach réic aindis dob’ eadh an mhaidean so é agus a chúrsaí aige.
Lár-na-mháireach an lae seo is túisce do bhí an t-úncail faram-sa ná bhíos-sa ’n-a theannta san. Nuair a chonnac é is maith a bhí ’fhios agam nach aon tuairisc chóir a bhí aige.
“Níl aon scéal agam, a chroidhe, ach scéal na h-aindise,”