arís comh h-obann agus tháinig sí agus tháinig sórt suainis ar an scéal. Dubhairt an bheirt eile féachaint a’ raibh aon bhreac éisc isna líonta agus do bhí breac fada fánach. “Scaoil siar aríst iad,” ar siad-san, mar nár tháinig aon tsiolladh eile gaoithe ar feadh an méid sin aimsire.
Ní raibh ach an téad sínte siar insan am gur ghluais an fothrom, ba sheacht mhó ná an chéad cheann, nár fhág aon bhraon sáile insa bhfairrge gan tógaint anáirde insa spéir agus do bhain crothadh as an naomhóig agus do raid soir, siar í.
“Preab de gheit agus tairrig aniar an téad!” arsan bheirt; “beidh sé séidthe gan mhoill.”
“Nach breagh do bheadh sé ar bórd anois againn dá leanfaimís dár láimh an uair úd,” arsa mise; agus preabaim go dtí an téad gan mhoill.
Ní raibh sé im’ chumas ionga ná órlach a thabhairt liom de’n líon. Dob’ éigean dom m’aghaidh a thabhairt ar dheire na naomhóige agus mo dhá sháil a chur i gcoinnibh na maidí cos agus is righin mall do bhí sé ag teacht mar sin féin.
Thugamair an líon isteach slán, foláin; ach níor shíon go dtí mar do bhí ann insan am san le gaoth agus fearthainn. Do bhíomair lom díreach chun na gaoithe ar an gcalath. Is amhlaidh do bhí fear againn ag rámhaidheacht agus an bheirt eile againn ag stiúradh agus, cé go raibh dhá dhola iarainn agam-sa i ndeire, do lúbadar leis an ngreim a rug ortha.
Is ar a tharrac do bhí a shábháilt againn mar ba dhóbair go gcuirfaí thairis an gcalath sinn d’á fheabhas mar dheineamair ár ndícheall. Ar shroichstint an chalaith dhúinn do bhí sé ’n-a bharra taoide agus taoide árd rabharta do bhí ann agus do bhí an cladach lán de naomhóga rómhainn agus an áit ana-chumhang.
Ar chur na téide i dtalamh dúinn do bhí le clos gur ghaibh naomhóg soir tríd an ngóilín agus gan innti ach aon fhear amháin agus gur ó Dhúnchaoin í, go raibh an bheirt eile de’n chriú i dtír uaidh tar éis iad do léimeadh ar an gcloich ar theacht isteach dóibh gan téad ná faic a bhreith i dtír leo as