Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/268

From Wikisource
This page has been proofread.

sé an ughaim de agus do leag an t-asal agus do leag me féin agus do bhain sé an mheabhair as mo cheann. Ar phreabadh im’ sheasamh dom agus ar fhéachaint timcheall dom ní raibh m’ughaim le fagháil, ach do bhí an t-asal. Súil dár thugas i ndiaidh na h-ughmach do chonnac an tráléir agus is orm a bhí an t-iongantas an uair ná feaca aon tseol anáirde uirthi ach na giobail tar éis na gaoithe ’á shéideadh dhi. Do bhí sí annsúd ’n-a h-óinsigh gan cor aisti.

Ar fhéachaint géar dom cad a chífinn ná m’ughaim amuich ar an bhfairrge móir i ngiorracht fiche slat de’n árthach maol gan seólta!

Do stadas ar feadh tamaill ag machtnamh ar cad a dhéanfainn. Ní raibh fód móna age baile, ná aon rud a bheirbheochadh aon ní, agus mo chléibheanna imithe! Is é seift a rith chugham ná an dá mhála bhí i srathar an asail a thógaint aiste agus an mhóin do chur ionnta, ceann aca ar gach taobh de’n asal.


I gcúrsaí bhaineas le creideamh riamh lem chuimhne do bhíodh duadh an domhain ag gabháil leo. Chun Aifrinn caithtar dul treasna an Bhealaigh isteach trí mhíle móra go Dúnchaoin. Is annamh ar fad sa gheimhreadh a bhíonn an Bealach oiriúnach chuige agus caithtí, agus caithtear fós, fanúint sa bhaile. Is minic a bhímís ráithe gan aon Aifreann. Aon Domhnach ná féadaimís dul amach bhíodh an choróin ar siubhal againn féin le linn an Aifrinn amuich.

I dtaobh faoistine is duine fánach a théigheadh amach go Dúnchaoin an fhaid is cuimhin liom ach, uair sa mbliain, na sagairt a theacht isteach. Do bhíodh bád mór ó Dhúnchaoin ceapaithe ag an Sagart Paróiste chun iad a chur isteach agus do thugadh mar dhíol dóibh an méid airgid a bailightí ag an stáisiún do féin. Sin mar bhíodh aca nó gur chuaidh na báid mhóra so ar lár agus nár fhan ceann istigh ná amuich aca. Is iad naomhóga an Oileáin a bheireann isteach ó shin iad.

Níl leath na suime ’á chur ’sa sagairt anois agus do