nárbh’ fhearr léi ár bpaidear go minic againn ná an toirmeasc.
Do bhí Nóra chúig bliana ’na peata romham-sa. Ní raibh aon tsúil liom-sa aca an t‑am gur bhuaileas chúcha ach nuair a chonnacadar mise do cuireadh Nóra as peataidheacht; agus dob’ shin é an fáth ná raibh an gradam age Nóra dhom seachas an chuid eile.
Ní fada gur scread bean thall agus i bhfus go raibh an góilín líonta ar na mná do bhí ar an oileán. Ní raibh duine aca le feiscint. B’eo leis gach duine ag teacht i radharc an ghóilín. Do bhí an taoide ag teacht agus bhí suas le h‑aoirde fir d’uisce sa ghóilín cheana féin agus sin é an uair díreach a bhíodar ag teacht ’nár radharc agus na málaí lán age gach bean aca. B’éigean dóibh fanúint mar a raibh aca. Dubhairt a raibh timcheall gurbh’ é a stáitse go maidean é, agus bhíos-sa gan mheabhair ar chloisint sin dom.
B’eo le cuid de sna cailíní do bhí insa tráigh ag tabhairt tuairisc don mhuinntir a bhí insa guirt go raibh lán ar na mná a bhí ar an Oileán Bán. Thug na fearaibh a n‑aghaidh ar an dtráigh ach is ar an dtigh a thug m’athair aghaidh ag triall ar dhréimire.
Ní raibh sé ró fhada an t‑am go bhfeaca chugham é agus dréimire ar a ghualainn aige go raibh fiche troigh ann. Do chuireadar i dtreo é chun dul treasna an ghóilín ach bhí sé ró throm chun é chur san áit cheart. B’éigean dom athair bocht dul ’on tsnámh agus breith ar cheann an dréimire agus é chur i muirtís sa chloich. Is í mo mháthair an chéad bhean a chuaidh treasna ar an ndréimire agus Ventry ’n‑a diaidh, agus thánadar go rábhach. Annsan chuaidh an triúr eile air. Do bhí beirt ar thaobh agus duine ar thaobh eile agus toisc gan é bheith comhthrom d’iompuigh an dréimire agus buaileadh síos ’on pholl iad.
Do bhíos féin go h‑aerach nuair a bhí mo mháthair agam agus me ag seinm “Domhnall na Gréine.” Ach níorbh’ fhada bhí an port san agam mar b’éigean dom’ athair preabadh sa tsnámh