Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/57

From Wikisource
This page has been validated.
47
AN t‑OILEÁNACH

cailín do chonnaic ar dtúis é. Do phreab sí ó’n ndoras agus scéan buile ’n‑a súile. Níorbh’ fhada gur bhuail sé isteach thríd an dtigh.

Do bhí duine i bhfus agus duine thall agus bas ar a mbéal aca agus na cailíní ba mhó do leig duine aca gáire agus níor ró fhada gur fhreagair duine eile í. Do bhí an cigire agus a cheann sa spéir aige, ag féachaint ar an bhfalla, ag féachaint ’sna frathacha agus ag féachaint ar na scoláirí tamall eile.

“A Mhuire!” arsan Rí i gcogar liom-sa “tá cheithre súile air.”

“Tá, agus solus d’á réir ionnta,” arsa mise leis.

“N’fheaca riamh roime seo a leithéid do dhuine,” ar seisean.

Aon uair a chasadh sé an ceann do bhíodh scáil ’n‑a shúile. Fé dheire do phléasc a raibh istigh ar gháiridhe—an chuid mhór go léir agus an chuid bheag ag scréachaigh le h‑eagla. Is beag nár thuit an mhaighistreás le náire agus tháinig ana-bhuile ar an gcigire.

“Déanfaidh sé lá murdail,” arsan Rí aríst ana-íseal liom féin, “nó n’fheadar an bhfeacaidh aon duine riamh aon duine eile go raibh cheithre súile ann,” ar seisean.

B’é siúd an chéad duine riamh a chonnaic na h‑óga go raibh spéaclaí air.

Thug an cigire greadadh maith cainnte do’n mhaighistreás—allagar nár thuigeas-sa ná aenne ar scoil agus as an ngreadadh cainnte sin do do láimhsigh a mhála bóthair agus do bhuail an doras amach agus do chuaidh ar bórd an bháid do bhí ag braith leis agus níor tháinig ’on Bhlascaod riamh ó shin.

D’fhág an fear buile seo an scoil amach mar ghaibh sé isteach gan ceist a chur ar leanbh ná ar pháiste agus mo gheall leat, a léightheóir, gurb’ in scéal ná fuairis le léigheamh riamh roimis seo ná b’fhéidir faid is beo dhuit ach oiread. Do chuir an mhaighistreás bhocht fanntais di tar éis é dh’imeacht. B’éigean domh-sa dul ag triall ar chupa fíor-uisce dhi. Eibhlín a chuir ann me insa tigh ba ghiorra dhom.