Jump to content

Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/17

From Wikisource
There was a problem when proofreading this page.

11

duit é. Ní ḟeadar an ḃfuil puínn airgid sa tig aige. Is minic báilí i ndiaiġ ḋuine agus náċ duine gan airgead é. Is minic a ḃíodar go teiṫ am ḋiaig féin agus an t-airgead am ṗóca agam. Na claiḋrí! Ní h-iongna liom gan aon ḃáiḋ a ḃeiṫ aige leó. Éist!

[Sgiúrdas amaċ. Tig beirt luċt airm isteaċ.]

An ċéad ḟear.—Ṫaḃarfinn an leaḃar go raiḃ sé anso.

An dara fear.—Má ḃí ní’l sé anois ann.

An ċéad ḟear.—Mar seo amaċ a ġaḃ sé. Téanam!

[Imṫiġid.]


AN TRÍṀAḊ NOĊTAḊ.


Tig Ṫaiḋg.

Taḋg Saor agus crost agus bás.

T.—Ambasa má’s mar sin atá an sgéal aige ní deirim ná gurab amadán é. Is dóċa go ḃfeacaiḋ sé an ḟógairt a cuireaḋ ins na pápéraiḃ i dtaoḃ na feirme. Imṫig ort siar, a Ḃás, agus abair le h-Aṁlaoiḃ go ḃfuil a léiṫéid anso agus go raġad- sa agus é féin siar ar maidin ag feuċaint na feirme. Abair leis gaċ aon rud do ḃeiṫ i dtreó ṁaiṫ aige róṁainn. Má tá póca trom aige seo ġeaḃaiḋ sé éadtromúġaḋ sul a’mbeiriḋ an oiḋċe amáraċ air. Imṫig-se, a Ċroist, agus féuċ an ḃfeicfá airís é agus taḃair ċugam isteaċ é.

[Imṫiġid Crost agus Bás.]

Is éaċtaċ an saoġal é. An t-amadán duine uasail seo agus a ḋá ḋóiṫin airgid aige agus ná féadfaḋ sé é ċoimeád. Feirm ṫailiṁ atá uaiḋ! Dá mbéaḋ an t-airgead agamsa geallaim duit nár ṁór liom dó an ḟeirm. Béiḋ sé corṫa go maiṫ ḋi sul a’ ḃfaiġiḋ sé a ċuid féin airís aiste!

[Tig an duine uasal iasaċta.]

Ó! míle fáilte róṁat, a ḋuine uasail! Gaḃaim párdún agat! Gaiḃ mo leaṫsgéal. Tá oiread san le déanaṁ agam agus bíon oiread san daoíne ag glaoḋaċ orm ó ṁaidin go h-oiḋċe náċ féidir dom teaċt ar iad go léir do ḟrioṫálaṁ.

D. I.—Ná Bíoḋ ceisd ort, a ḋuine uasail. Is tu Taḋg Saor, measaim.

T.—Is mé ċeana.

D. I.—Tá go maiṫ. Is tu a ḃí uaim. Tá feirm ṫailiṁ agat le díol tamal amaċ ó’n sráid seo. Ba ṁaiṫ liom í ċeanaċ uait. Ba ṁaiṫ liom dul agus í ḟeicsint ar dtúis. An ḃfuil sí aḃfad as so? Nó cad é an treó ’na ḃfuil sí?

T.—Tá sí suas le deiċ míle ’ṡlíġ as so. Ní’l aon deaḃraṁ fóġanta ar an dtráṫnóna. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ agat fanṁaint