Jump to content

Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/21

From Wikisource
This page has not been proofread.

15

an tíġe ainíos agus gur ċuir sí liú aisti a raġaḋ tré d’ ċroíḋe! Ó! Dia linn! Ní’l sí ag teaċt ċúiċi féin fós!

[Tig an doċtúir isteaċ agus casóg cuíṁriġṫe (a straiġt jacket) ar a ḃaclainn aige.]

Doċt.—Haló! a Ṫaḋg, cad é seo ar siúḃal agat anois? Feuċ, a Nóra, tóg suas mar seo í. Siné!

[Osgalas an ḃean a súile agus cuirean sí liú eile aisti.]

Doċt.—Taisbeáin do ċuisle, a Ṫaiḋg.

[Sgaoíleas Taḋg an ċuisle leis.]

Cuir amaċ do ṫeanga.

[Croṫas Taḋg a ċeann gan stad d’á ṗort. Tagas an doctúir i n-a aice, lastiar dé. Leaṫan sé an ċasóg ar ṡlinneánaiḃ Ṫaḋg. Sleaṁnuíġean sé, go breáġ réiḋ, láṁ le Taḋg isteaċ i muiniċle, agus an láṁ eile isteaċ sa ṁuiniċle eile. Filean sé an dá láiṁ ar uċt Ṫaiḋg. Taraingean sé na muiniċlí fada treasna an uċta agus siar treasna an droma. Cuirean sé snaiḋṁ daingion ar na muiniċlíḃ. Taḋg i gcaiṫeaṁ na h-aimsire ag lean- ṁuint ar a ṗort, ċóṁ maiṫ agus dá mba ná béaḋ láiṫreaċ aċt é féin. Taran- gas an doċtúir téad as a ṗóca agus ceangalas Taḋg de’n ċaṫaoír go dain- gion. Bagras an doċtúir ar ċeaṫrar buaċailí. Tig beirt acu ar gaċ taoḃ de’n ċataoir. Tógaid an ċaṫaoir agus Taḋg ó’n dtalaṁ agus tugaid agaid ar an ndorus.]

T.—Ó! Greadaḋ ċugaiḃ, a ṗaca gan ċial! Sin fiċe púnt caílte agam mar ġeall oraiḃ.

[Feuċaid go léir ar a ċéile. Leigid anuas an ċaṫaoir. Feuċas Taḋg ar an mbord.]

Ciacu agaiḃ a ṫóg an t-airgead a ḃí ar an mbord?

[Leaṫaid a súile orṫa go léir.]

Feuċ airiú, a ḋoċtúir, bog díom an rud so. Ná bíoḋ ceisd ort. Tá mo ċial agus mo ṁeaḃair agamsa ċóṁ maiṫ agus atá agat féin.—Aċt ní dóiċ liom go ḃfuil, áṁ. Is dóiċ liom go ḃfuil gníoṁ leanabaíḋe déanta agam.

[Ruiṫeas cailín isteaċ.]

Cail.—Ó! Dia linn! Táimid creaċta. Tá bosca an tsiopa ar leaṫaḋ agus an t-airgead imiġṫe!

[Ruiṫeas cailín eile isteaċ.]

An dara cail.—Ní’l aon ġlas sa tig ná fuil briste agus ní’l aon rud d’ḟéadfaḋ imṫeaċt ná fuil imṫiġṫe.

Nóra.—Agus feuċ airiú! Siné an cupúrd ar osgailt! Is dóċa, a Ṫaiḋg, go ḃfuil mo ṫuarasdal, a ṫugas le coimeád duit, imṫiġṫe leis!

Taḋg.—Dar fiaḋ, má tá, a Nóra, leanfad an biṫeaṁnaċ úd agus cuirfad solus an lae tré n-a ṗlaosg!

[Tig isteaċ crost agus bás agus an ḃeirt luċt airm agus an duine uasal iasaċta eatarṫa gaḃṫa.]

An sergeant.—Feuċ, a Ṫaiḋg. An aiṫneóċá an t-airgead so? Tá deiċ puint de dílis agus an ċuid eile bréagaċ. Is