BÁS ḊALLÁIN.
Dráma aoin-ġníṁ.
An ḟuirean.
Dallán, ríġ éigeas. | Donn | giollaí le ríġ Oirgialla. | |
Aoḋ Fionn, ríġ Breifne | Cas | ||
Aoḋ Mac Duaċ Duiḃ, ríġ Oirgialla. | |||
Seanċán Sean-ḟile. | Méiḃ | beird ċailíní. | |
Muirean ní Ċúáin,[1] bean Ḋalláin. | Bríġid |
An ċliar uile.
AN ĊÉAD RAḊARC.
Tig an óil i bpálás Aoḋ Ḟínn, Ríġ Breifne.
Aoḋ Fionn, agus Dallán agus é ar láiṁ ag giolla.
Aoḋ F.—Is mór an onóir agus an uraim agus an faḃar atá fáġalta agat-sa uaimse, a Ḋalláin.
Dallán.—Ní h-iongna san, a ríġ. Is mór m’ onóir ó ríġṫiḃ móra, ní h-i n-Éirinn aṁáin aċt i ndúṫaíḃ íosaċta. Tá onóir agus uraim dom i n-Albain. Tá onóir agus uraim dom i Sasana. Tá onóir agus uraim dom i mBreatain. Tá, agus sa ḃFrainc. Tá olaṁ uasal am ḟoċair ó gaċ críċ díoḃ san. Is onóir leó ḃeiṫ am ḟoċair. Is clana riġṫe iad aċt is mó an uaisleaċt leó ḃeiṫ am ḟoċair-se ’ná ḃeiṫ ’na gclanaiḃ riġṫe.
Aoḋ F.—’Na ċoinniḃ sin ṫall, tá buaiḋte agamsa orṫa go léir. Is mó a ṫugaimse ḋuit ’ná ṫugan aon ríġ ná aon róḟlaiṫ eile ḋuit. Nuair a ṫeiḋean tusa ar ċuaird olaṁnaċta, aḃfad ó ḃaile, i gcríoċaiḃ ciana coíṁṫeaċa, bímse ad ḋiaig anso agus bíon mo ṡúil i ndiaig do ċoda agus i ndiaig do ṁaoíne. Nuair a ċím bó i n-easnaṁ ar do ċuid stuic cuirim bó uaim féin ’na h-inead, agus nuair a ċím caora imiġṫe uait cuirim caora ’na h-inead, agus nuair a ḃíon pingin i n-easnaṁ ort cuirim pingin ’na h-inead, ionus go ḃfaiġfá-sa, ar do ṫeaċt aḃaile ḋuit, do ċuid agus do ṁaoín agus do ṡaiḋḃreas ċóṁ h-iomlán agus d’ḟágais iad ag imṫeaċt duit.
Dallán.—Cad ċuige an ċaint sin, a ríġ?
Aoḋ F.—Ċuige seo, a Ḋalláin. Má tá ríġ cúige eile a ṁeasan go ḃfuil sé ċóṁ maiṫ ḋuit agus atáimse, ba ċeart dó déanaṁ mar a ḋeinimse agus gaċ níḋ do iarfá air a ṫaḃairt duit.
Dallán.—Ní’l árdríġ ná ríġ cúige i n-Éirinn ná taḃarfaḋ dóṁsa an níḋ d’iarfainn air.
Aoḋ F.—Ambriaṫar go ḃfuil dearṁad ort, a ríġ-olaṁ.
Dallán.—Cia h-é an ríġ ná taḃarfaḋ?
Aoḋ F.—Aoḋ mac Duaċ Duiḃ, ríġ Oirgialla.
- ↑ In the name Cúán both vowels are long.