3
n-inead is feárr sa dún iad. Curtar cóir bíḋ agus díġ orṫa láiṫreaċ. Ná bíoḋ sé le ráḋ ċoíḋċe go raiḃ cóir níos feárr, ní h-eaḋ aċt ċóṁ maiṫ, i mBreifne orṫa agus a ḃeiḋ orṫa anso. Is fearr Oirgialla ’ná an Ḃreifne agus is fearr mise ’ná Aoḋ Fionn.
Dallán.—Go réiḋ, a ṁuíntir ṁaiṫ, go ḃfeiceam an ḃfaiġam ár n-aṫċuinge. Muna ḃfaiġam ár n-aṫċuinge ní’l aon ṁaiṫ sa ḃfáilte. Má tá an aṫċuinge le fáġail againn isí an aṫċuinge féin an ḟáilte is feárr.
Aoḋ D.—Cad í an aṫċuinge atá le h-iaraiḋ agat, a ríġ olaṁ?
Dallán.—Do sgiaṫ-sa, a ríġ uasail, an sgiaṫ darab ainim Duḃġiolla.
Aoḋ D.—Ní h-aṫċuinge fíor-éigis sin.
Dallán.—Ṫugas duan ċúgatsa ’ġá h-iaraḋ.
Aoḋ D.—Is maiṫ liomsa do ḋuan d’éisteaċt.
Dallán.—Déarfad duit í.
A earag, a Aoḋ, |
Is maiṫ mór a ṁaoín |
Aoḋ D.—Is breáġ go léir an dán é sin, dá dtuigfí é.
Dallán.—Is fíor duitse sin. Agus an t-é do ġní an for- ḋeargaḋ file is dó is cóir é ṁíniúġaḋ. Is mise do ḋéin an duan agus is mise ṁíneóċaiḋ é. “A earag, a Aoḋ,” a dúḃart leat. Isé sin le ráḋ, “Is tu earag gaisge agus éinġníoṁa Éirean.” “A ḋaig ḋána ḋur,” a dúḃart leat. Neiṁ iseaḋ daig, agus is dána a ṫeiḋean do neiṁse i gcaṫ nó i gcóṁlan. Isí do sgiaṫ do neiṁ. Is eól dod’ naṁaid neiṁ na sgéiṫe sin. “A ṁaiṫ mar ṁuir ṁór.” Isé sin le ráḋ, dá mba leat maiṫeas na mara do ḃronnfá é ar éigsiḃ agus ar luċt ealaḋan.
Aoḋ D.—Ceanóċadsa do ḋuan, a ríġ éigeas. Taḃarfad ór agus airgead air, taḃarfad céad bó agus céad eaċ, trí ċéad muc agus trí ċéad caora ḋuit dá ċionn.
Dallán.—Ní ġlacfainn a ḃfuil de ṡaiḋḃreas sa doṁan muna ḃfuil an sgiaṫ le fáġail agam.
Aoḋ D.—Eírig as, a Ḋalláin. Ní ḃfaiġir ar sgiaṫ.
Dallán.—Aoírfadsa ṫusa.
Aoḋ D.—Ná déin aon dá ċuid de d’ ḋíṫċioll. Tá cóṁaċta Dé agus na naoṁ liom ad ċoinniḃ, ó ḋéin Colum Cille an tsíoṫċáin idir siḃse, aoís ealaḋan Éirean, agus sinne, ríġṫe Éirean.
Dallán.—Ní ḃéarfaiḋ Colum Cille ṫusa uaimse gan t’aoiraḋ, agus ní feara ḋom uair a ḋéanfad aoír ort ’ná anois os do ċóṁair.