déanta acu de sna droċ ċleaċtaiḃ agus níor ḃ’ḟuiriste leó ḃeiṫ ’n-a n-éaġmais; ḃíodar ċoṁ tugṫa san, ar gaċ aon tsaġas cuma, do ṡainnt agus do ċostas.
XIV. I gcaṫair ċóṁ mór, ċóṁ cuirpṫe, ḃí ’n-a ṫimpal ag Catilína, rud ba ró ḟuiriste ḋó, slóiġte, i ḃfuirm luċt coiṁdeaċta, de sna cuirp- ṫiġ ba ṁeasa agus ba ċionntaiġe. Mar, gaċ drúiseaċ, gaċ aḋaltranaċ, gaċ craosaċ n-a raiḃ a ċuid ’an tsaoġal iṫte sgaipiṫe aige; agus an ṁuinntir a ḃí tar éis fiaċa troma do ċur suas ag díol a’ droċ ḃeart éigin; dá n-éaġmais sin, gaċ luċt fionġaile, agus robála teampul; daoine a ḃí fé ḋaor ḃreiṫ dliġe, nú ar teiċe ó’n ndliġe mar ġeall ar a gcoirṫiḃ; ’n-a dteannta san an ṁuintir a ċoṫuiġ iad féin leis an dtuar- astal a ġeiḃdís a’ gníoṁarṫaiḃ fola nú a’ dearḃú éiṫiġ; agus ’n-a dteannta san go léir, gaċ duine a ḃí d’á ċráḋ agá ḋroċ ġníoṁarṫaiḃ, nú agá ḋealḃas, nú agá ḋroċ ċoinsias; ḃíodar go léir ’n-a ndaoine muintearṫa agus ’n-a gcom- rádaiṫiḃ ag Catilína. Agus má ráinig d’aon duine a ḃí gan ċoir tuitim isteaċ i gcaradas leis, níor ḃ’ḟada, tríd an meallaḋ agus tríd an gcaidreaṁ, gaċ lá, go raiḃ sé díreaċ mar an gcuid eile. Caradas na n-óg, áṁṫaċ, isé ba ṁó do ṡanntuiġ sé, toisg a n-aigne ḃeiṫ bog, guagaċ, agus nár ḋeacair iad do ṁeallaḋ. Óir, do réir mar a las mian gaċ duine acu le h-aois, ṫug sé droċ ṁná do ċuid acu; ċeannaiġ sé capaill agus cuin d’á ṫuille acu. Ba ċuma leis cad a ḋein a náire féin ná a ċostas féin aċ iad san a ḃeiṫ fé ċomaoine aige agus dílis dó. Is eól dom a lán daoine a ṫuig ’n-a n-aigne,