Jump to content

Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/27

From Wikisource
This page has not been proofread.

CATILÍNA :N ar robáil, agus an uile ṡaġas FOĠLA d’á ndeinid Luċt buaḋa i gcogaḋ. Duḃairt sé leó, leis, go raiḃ Písó sa Sbáinn aḃus; go raiḃ P. Sitius Nucerínus i Maiiritánia agus mórṡluaġ aige; agus go raiḃ an ḃeirt ar aon aigne Leis féin. Go raiḃ C. Antónius ag lorg na consulaċta agus go raiḃ súil aige go mbeaḋ an fear san ’n-a ċóṁ-Ċonsul aige féin; gur Ċara ḊLÚṪ ḋó é agus go raiḃ an uile ṡaġas gátair ag brúṫ air. Go dtosnóċaḋ sé an obair sa ĊonsuLaċt i n-aonḟeaĊt Leis an ḃfear san. Ansan do ċrom sé ar gaċ aicme daoine fóġanta do ċur fé easgaine agus fé ṁaLLaċt; ar gaċ duine d’á aicme féin do ġlaoḋaċ as a ainim agus do ṁolaḋ; ag tráĊt ar a ċruaḋtan Le duine, ar a ṁiantaiḃ Le duine eile, ar ċaṫréim ṠuLLa Le n-a LÁn acu agus ar an ḃfoġaiL a fuaradar d’á ḃarr. Nuaira ḃíodar go Léir ar bíoḋg aige duḃairt sé Leó gan dearṁad a ḋéanaṁ de’n Ċonsulaċt, an rud a ḃí uaiḋ féin, agus do leog sé ċun siuḃaiL iad. !OAL Ḃí daoine ann an uair sin adéarfaḋ, nuair a ḃí an ċainnt críoċnuiġṫe ag Catilína gur ċuir sé ceangal dearḃuiġṫe ar a ċóṁaLtaíḃ ar an gcuma so. Gur ċuir sé fíon agus fuil duine i n-árṫaċ agus gur tugaḋ i n-árṫaíḃ sa tímpaL dóiḃ an deoc san agus gur ḃLaiseadar go Léir é nuair a ḋeineadar an dearḃú, mar is gnáṫ i ngnóṫaíḃ soLamanta, agus gur ḃ’ ṡiné uair a noċt sé a aigne go h-iomlán dóiḃ, agus go nduḃairt sé Leó gur ḋein sé an níḋ sin i dtreó gur ṁóide a ḃeidís dílis d’á ċéiLe rún an ġníṁ sin a ḃeiṫ acu go léir ar a Ċéile. Déar- faḋ daoine eiLe ná raiḃ fa sgéal sam agus i n-a