CATI LÍNA SO agus gaċ aon rud acu ’á ḋéanaṁ i n-aonḟeaċt. Ḃíoḋ na cóṁṫionóil acu sa n-oiḋċe agus na h-airm agus na gaṫana acu ’á ḃreiṫ ó áit go h-áit agus iad ag ruiṫ agus ag cur ṫré ċéile, i dtreó gur ṁó an sgannra a ḃí acu ’á ċur ar ḋaoine ’ná mar a ḃí ḋe ċontaḃairt ionta. Do ċuir C. Metellus Celer a lán acu san i ngeiṁliḃ, le cóṁairle na seanaide, tar éis a gcás do ṫuisgint. Ḋein C. Muséna an rud céadna i nGalliai gcéin mar a raiḃ sé ’n-a leas-uaċtarán.
- tuil Aċ ḃí socair ag Lentulus agus ag an
gcuid eile de ċeannaiḃ na ceilge, sa Róiṁ, tar éis sluag ṁor do ċruinniú, mar ḃí le feisgint, nuair a ḃeaḋ Catilína tagaiṫe isteaċ i ḃFaesulae, go gcruinneóċaḋ L. Bestia, tribún na ndaoine, cóṁṫionól, agus go ndéanfaḋ sé gearán ar gníoṁarṫaiḃ Ċiceró, agus go gcuirfaḋ sé milleán an ċogaiḋ uaṫḃásaiġ ar an gConsul ḟíor ḟóġanta san. ’Ġá glacaḋ san mar ċóṁarṫa, an oiḋċe a ḃí ċugainn, go ndéanfaḋ gaċ duine eile de ṡluag na ceilge an gnó a ḃí gearrṫa amaċ dó. Agus seo mar a ḃí na gnóṫaí sin gearrṫa amaċ, do réir mar a deirtear. Go nDéanfaḋ Statilius agus Gabinius, agus buiḋean ṁór acu ċuige, teine ċur i ḋá n-áit déag de’n ċaṫair i n-aon- feaċt, in sna h-áiteanaiḃ n-ar dóiċíde ḋi lasaḋ go maiṫ. Nuair a ḃeaḋ an ċíréip ar siuḃal mar geall ar an dteine, d’ḟéadfí teaċt go saor- áideaċ ar an gConsul agus ar an muinntir eile a ḃí le cur ċun báis. Cetégus a ḃí ċun tige an Ċonsuil do ḃrise agus an Consul do ṁarḃú ; agus duine eiLe ċun duine eiLe. Ḃí an ċlann ṁac, agus leis na h-uaisliḃ ab eaḋ an ċuid ba