4
S.—Is fada go mbeiḋ siad go léir agam.
F. ó’n R.—Níor ḃfada go mbeidís, dá mbeaḋ do ṗóċa ag braṫ air.
III.
An Scoláire.—Caidé sgéal atá agat ó ṡoin?
Fear ó’n Rinn.—Ó naċ tú sin?
S.—Is mé. Ḃfuil aon sgéal eile agat dam nó ar ṫuit mórán de’n duḃ ar do ċuid prátaí ó ṡoin?
F. ó’n R.—Ní ḋéarfainn gur ṫuit ṁaiseaḋ, naċ atá go leor ag gearán air.
S.—Ḃí mé ag caint le fear indé agus aduḃairt sé liom go raiḃ leaṫ a ċuid prátaí dóiġte aige.
F. ó’n R.—B’ḟéidir gur fear é sin nár ċuir amaċ an ċloċ ġorm so.
S.—Ní ḟeadar mé é sin duit, nó an fé [féidir] gur ḋein an tóirneaċ so aon díoġḃáil dóiḃ ḃí againn an lá fá ḋeireaḋ.
F. ó’n R.—I mbasa maiseaḋ, bíoḋ a ḟios agat nár ḋein sí aon ṁaiṫ ḋóiḃ aċt tóirneaċ b’eaḋ í ḃí i ḃfad ó ḃaile. Caidé an éifeaċt í seaċ is an tóirneaċ ḃí againn atá cúpla bliaḋain ó ṡoin nuair do marḃaḋ ba annso ṫuas le n-ár n-ais istig sa tiġ ar linn a’s an ḃean ḃeiṫ ag dul dá gcrúḋaḋ [mbleaġaḋ]. Do ḃlaḋm an tóirneaċ agus do ṫuit an ḃean i laige d’éirig a croiḋe uirre agus b’é cúrsaí a báis é.
S.—Atá mo sgéal-sa i dtánaiste do do sgéal-sa.
F. ó’n R.—Agus ḃfuil sgéal agat-sa ag tagairt dó sin?
S.—Atá sé annso i mo ṗóca agam. Féaċ air, éist go léiġfiḋ mé ḋuit é:
“D’ḟág mé féin agus Maiḋc ar maidin ċum dul anonn le ḋá ċaora. Aonaċ na Márta ba eaḋ é. Is dóca go ḃfuil ṫimċeall trí bliaḋna déag ó ṡin anois. Do ḃí ceann de na caorċaiḃ an-ṁillteaċ. Nuair do