Jump to content

Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/22

From Wikisource
This page has been proofread.

16

aon toraḋ ar aon ḟocal eile. Nár airiġ tú riaṁ go raiḃ ciall ag na beaċaiḃ agus go mbailiġeann siad leo a gcuid meala ó ċoilltiḃ na gcraoḃ?

An Scoláire.—An luiġeann siad coṁ gairid sin do’n tiġ i gcoṁnuiḋe?

An Ṁáṫair.—Masa ṁuise, ní luiġid. Mar ḃíonn cuid de na beaċaiḃ an-ċrosta, agus b’ḟéidir go n-imṫeóċaidís trí ṁíle go minic agus raġaidís san áit ná fuiġḃṫí teaċt orra ċoiḋċe. B’ḟéidir go raġaidís síos i siminé duine eile. Má ġeoḃaḋ an duine sin teaċ orra baḋ leis féin iad, aċt adeir siad gur le áḋ nó mí-áḋ ṫeiḋeann saiṫe beaċ go dtí ti’ [teaċ] ḋuine eile. Aċ má seaḋ féin, is dóċa ná cuirfeaḋ aoinne uaiḋ iad. Is minic gur le áḋ ṫagann siad go dtí duine, agus b’ḟéidir nár ṁóide sin ná iad do ḋul leis an mí-áḋ ċuige. Is minic ḃaineadar siuḃal maiṫ asainn, nuair do raġaidís i ḃfad ó ḃaile. Cuiṁniġim go maiṫ tar éis eadarṡuṫ Doṁnaiġ, nuair d’éiriġ saiṫe ar ḃean ḃí ar an mbaile, agus d’imṫiġ gasraḋ againn-ne as a ndiaiḋ, óg agus aosta, agus níor stadadar gur ċuadar síos i lár Faill an Staicín. Do ċuadar isteaċ i bpoll agus ní ḟuaraḋ teaċt orra ó ṡoin, agus meireaċ [muna mbeaḋ] mé féin do ḃeaḋ mac na mná marḃ sa ḃfaill, mar do ċuaiḋ sé síos go dtí leaṫ na faille ar a ndiaiḋ agus ní ḟuair sé teaċt orra. Ar a ċasaḋ aníos dó, do ḃí garsún eile ar ḃarr na faille, agus do ṡleaṁnaiġ cloċ ṁór síos uaiḋ. Do ḃí sí ag teaċt anuas sa ċeann ar an té ḃí ṫíos. Nuair liuġas air agus do ṫóg sé a ċeann, do ḋruid sé anonn ḋá ċoiscéim agus d’imṫiġ an ċloċ síos ins an áit ċéadna in a raiḃ sé. Dá mbuailfeaḋ sí air, do ḃí sé in a ṗíosaiḃ miona ṫíos ag cloċaiḃ na tráġa. Ṫáinig gaċ aoinne a ḃaile agus ṫugadar buiḋeaċas le Dia, gibé an rud ḋein na beaċa ná raiḃ an garsún marḃ.

An Scoláire.—Ba ṁaiṫ do sgair sé. Naċ mór