33
d’ḟiafraiġ sé ḋé, arḃ é Fionn Mac Cuṁaill é. Do laḃair Fionn Mac Cuṁaill leis, agus aduḃairt sé leis, naċ é féin Fionn Mac Cuṁaill aċ gurab é an áit [in] a ḃfuiġḃeaḋ sé Fionn Mac Cuṁaill aċt ṫíos in íoċtar an náisiúin, dá ċur go dtí fear uaiḋ féin ar a nglaoḋaidís Rí Cormac. Ṫug sé ceangal lá agus lán bliaḋna ar a ċurraċán dá mb’ aṁlaiḋ ’s ná beaḋ sé uaiṫe aċt uair an ċloig. Ṫugaḋ sé cnoc de léim agus gleann de ṫrioslóg agus sin é mar ċoṁairiġeaḋ sé coisiḋeaċt an lae sin, gur ċuaiḋ sé an-ġairid do ċúirt Ríoġ Cormaic.
Do ḃí piast cosṁail le cat ṫíos in íoċtar gleanna. Do ċuir sí cruit ar a drom, agus nuair do ṡíl sé dul de léim ṫar an ngleann, do stop an ṗiast é. Do luiġ sé féin agus an ṗiast ċum a ċéile ar an áit sin, agus ṫugadar sé lá agus sé oiḋċe ag fionna-ċoscairt [fian-ċ.] a ċéile. I gceann an t-seaċtṁaḋ lae dóiḃ do leag sé fé ṫíos í agus do ḃain sé an ceann dí. Do ċuir an ṗiast a dá lapa in aċrann in uḃall a sgórnaiġe. Ní ḃfuiġḃeaḋ sé é féin do réiḋteaċ, aċt do ġearr sé an dá ċois de an dá ġlún agus d’ḟanadar ar liobarnaiġ leis mar ḃeaḋ luidíní fá ġaḃar. D’imṫiġ sé leis agus do ċuaiḋ sé go dtí cúirt Ríoġ Cormaic. Do ḃuail sé buille ar an gcuaille coṁraic Ríoġ Cormaic. Do ċuir sé ar ċrioṫ an ċúirt agus a raiḃ istiġ innte. “Fios amaċ,” arsa Rí Cormac, “cia ḃuail a leiṫéid do ḃuille ar an gcuaille coṁraic.” Do ċuaiḋ teaċtaire amaċ, agus nuair do-ċonnaic sé an fionna-ċruṫ ḃí ar an ngaisgiḋeaċ do ṫuit sé i laige. D’ḟan sé annsin. Do ḃuail Illionn Iolċroṫaċ an dara buille ar an gcuaille coṁraic arís. Aduḃairt Rí Cormac leis an dara teaċtaire dul amaċ, agus nuair do-ċonnaic sé an gaisgiḋeaċ do ṫuit sé anuas ar an gcéad teaċtaire. Aduḃairt Rí Cormac gur gibé duine ḃí amuiġ gurab é ḃí ag marḃaḋ na dteaċtairí, “atá sé ċoṁ maiṫ ḋam féin dul amaċ.” Do ċuaiḋ