47
go ḃfuil sé ceart dam rud éigin do ḋéanaṁ léiṫe agus gan í do ḃreiṫ níos sia.’
“‘Ná aduḃairt mise leat,’ arsa an buaċaill gaḃann, ‘naċ comaráduiḋe do ḋuine beo duine marḃ.’
“‘Do rinneas caisleán ar an áit sin ar scarḃaċ na tráġa. Ṫugas mar ḃuaiḋ do an ċaisleán ḃeiṫ ag casaḋ ṫimċeall agus gan aon ḟaġḃáil é do stad go bráṫ go stadfainn féin é, agus dó ċuireas isteaċ Réalṫa na Maoin ann. D’imṫiġeas féin agus an buaċaill gaḃann ċum fairrge linn annsin istiġ sa ċorraċán, agus nuair do ḃíos scaṫaṁ de an t-sliġiḋ aduḃart leis an mbuaċaill gaḃann go raiḃ uaigneas ag teaċt arís orm as diaiḋ na mná agus go gcasfainn arís uirre. Do ċuaḋas ṫar n-ais arís fá n-a déin agus ṫugas liom amaċ as an gcaisleán í, agus d’imṫiġeamar annsin ċum fairrge. Do ċuaḋmar isteaċ i náisiún eile. Do ḃíomar ag imṫeaċt linn tré an náisiún sin, gur ṫeagṁuiġ sean-ċeárdċa orainn. Do ċuaḋmar isteaċ ins an sean-ċeárdċain, d’ḟiafruiġeamar de an ngaḃa an raiḃ aon ġreim bíḋ aige do ṫaḃaraḋ sé le n-iṫe ḋúinn. ‘Atá agus fáilte,’ arsa an sean-ġaḃa, ‘caidé an rud é sin atá in áirde ar do ḋrom agat,’ arsa sé. ‘Atá mo ḃean,’ arsa mise, ‘agus í marḃ. An ḃfeadair tú an ḃfuiġḃṫeá aoinne ḋam,’ arsa mise, ‘do ċuirfeaḋ an t-anam innte ṫar n-ais arís.’ ‘Má ṫaḃarṫá greim bliaḋna ḋam ort féin, agus ar do ḃuaċaill taḃaraiḋ mé mo ḟocal duit go gcuirfiḋ mé féin an t-anam innte i gceann lá agus bliaḋain.’ ‘Atáim sásta leis sin,’ arsa mise, ‘le margaḋ do ḋéanaṁ leat greim do ṫaḃairt duit orm féin agus ar mo ḃuaċaill. Aċt bí siúrálta,’ arsa mise ḃeiṫ in iúl le n-a hanam do ċur i mo ṁnaoi-sa i gceann lá agus bliaḋain, nó taḃaraiḋ tú mac do aṫar agus do ṁáṫar daṁ-sa.’ ‘Níl aon ḃaoġal in aon ċor ná cuirfiḋ mé an t-anam innte,’ arsa an gaḃa, aċt caiṫfiḋ tú coiṁéad an rud ċuirfiḋ mise amaċ as