59
ROIBEÁRD NA LUAṪA
Do ḃí bean ann fadó agus do ḃí leas-ṁac aici. Do ḃí sí go holc a ċeann dó. D’éiriġ sé as an gcúinne maidin agus do ḃain sé searraḋ as féin agus aduḃairt sé ná fanfaḋ sé féin níos sia i ḃfoċair a leas-ṁáṫar, aċt go raġaḋ sé ag triail a ḟortúin dó féin.
Ar a ġaḃáil amaċ an doras dó, sé an ċéad rud do casaḋ air aċt an cat. “Cá ḃfuil tú ag dul, a Roibeáird?” arsa an cat leis. “Atá mé ag dul ag triail mo ḟortúin dam féin,” arsa Roibeárd. “Raġaḋ-sa leat,” arsa an cat. “Déan ċeana,” arsa Roibeárd. Do casaḋ an madra leis agus aduḃairt sé an rud céadna. Annsin do casaḋ an gandal leis, annsin an coileaċ, an reiṫe agus an tarḃ, agus ba é an scéal céadna aca é.
Do ḃíodar ag cur an bóṫair díoḃ nó go raiḃ an déiḋeanaiġe ag teaċt agus ní raiḃ aon teaċ le feicsint aca. Aduḃairt Roibeárd leis an coileaċ dul in áirde in crann agus féaċaint an ḃfeicfeaḋ sé teaċ ná solas in aon áit. Do ċuaiḋ an coileaċ i n-áirde agus ní ḟaca sé aon solas ar aon taoḃ dé. “Doras duais ort, a ċoiliċín ġránda,” arsa an cat, “sgaoil in áirde mé féin agus b’ḟéidir go ḃfeicfinn rud éigin.” Do ċuaiḋ an cat in áirde go dtí bárra an ċrainn agus ṡainntliḋ sé solas i gcúinne coille agus do rinneadar air.
Do ḃí teaċ beag ann agus gan aon deallraḋ air go raiḃ aoinne in a ċoṁnuiḋe ann mar ná raiḃ aon troscán ann aċt a dó nó a trí de ṡean-ḃoscaíḃ. Do ṡocruiġeadar iad féin mar do b’ḟearr ċum an oiḋċe do ċaiṫeaṁ dóiḃ féin ann, agus do ṡíleadar ná raiḃ aon rud ċum aon spiaċ do ċur orra. Do ṡoċruig an cat é féin ar ḃoiscín an t-solais. Do ċuaiḋ an madra sa ċúinne agus an gandal ar ċúl an dorais. Do ċuaiḋ an coileaċ in áirde ar mullaċ an tiġe leaṫ