2
talaṁ, buiḋeaċas mór leis an Tiġearna (é do taḃairt ṫar n-ais arís do’n Scoláire). Taisbeáin dam arís é go ḃfiafróċaiḋ mé de Nóra Ní Ċinnéide é; atá fios na rudaí seo go léir aici.
S.—Ó ná bac léis, ní maiṫ liom tú do ċur i dtrioblóid. Is breáġ ḋíḃ a ḃfuil de Ġaeḋilg agaiḃ.
F. ó’n R.—Ó ṁaiseaḋ, an-iomarca atá againn ḋí, dá mbaḋ aon ṁaiṫeas dúinn é.
S.—B’ḟearr liom go mbeaḋ a leaṫ nó a ṫrian agam-sa.
F. ó’n R.—(Dar an) mbas ṁaiseaḋ, ní mór liom-sa ḋuit cuid dí, má ḋéanann sí aon ṁaiṫ ḋuit.
S.—Atá an-ċaiṫeaṁ in a diaiḋ agam dá ḃfuiġḃṫeá a innsint dam cionnus is fearr cur ċum í d’foġluim.
F. ó’n R.—Cionnus foġluimiġeann aoinne í aċt ḃeiṫ ag éisteaċt léiṫe agus ḃeiṫ ag dul i measc na ndaoine?
S.—Atá an Ġaeḋealg an-ċruaiḋ le foġluim.
F. ó’n R.—Atá is dóċa. Aċt féaċ ar an leanḃ sin, ní raiḃ focal cainte aige atá dá ḃliaḋain ó ṡoin aċt atá sí anois aige.
S.—B’uil (an ḃfuil) anois?
F. ó’n R.—Atá, ṁaiseaḋ, lán a ċinn.
S.—Atá sé i ḃfad níos fusa ḋó sin í d’ḟoġluim ná ḋam-sa.
II.
An Scoláire—Dia a’s Muire ḋuit.
Fear ó’n Rinn.—Dia a’s Muire a’s Pádraig duit.
S.—Naċ breáġ an lá é?
F. ó’n R.—Is breáġ an lá é ṁaiseaḋ buiḋeaċas le Dia. Naċ é ḃí go fiaḋain indé?
S.—Ba é. Do ṡíl mé gur fearṫainn ṫiocfaḋ as.
F. ó’n R.—Ní ṫagann aon ḟearṫainn as an ngaoiṫ