8
gur dóċa go raiḃ agus d’aistriġeadar an bád agus doċuadar tamall maiṫ ón áit sin, agus ní baoġal ná go dtug22 an garsún aireaċas maiṫ ḋó féin ag rinnseáil an ċorcáin as sin amaċ. Ḃí daoine dá ráḋ dá dtógfaḋ an garsún an píopa ón sean-duine go gcaiṫfeaḋ sé fuireaċ in a ḟoċair i gcoṁnuiḋe.
Ní ḟuiġḃinn [ḟeudfainn] cuiṁneaṁ air23 aċt coṁ fada le mo ṫuairim d’airiġinn, nó is dóiġ liom go n-airiġinn gur do ṡean-aṫair Seaáin uí Nuanáin do ḃain so.
TAIḊḂREAṀ AR AIRGEAD.
Ḃí fear ann fad ó [anallód] agus do taiḋḃriġeaḋ dó go ḃfuiġḃeaḋ sé airgead agus gurab é an duine do ṫiuḃraḋ dó é ioná sean-duine beag liaṫ ar droiċ- ead maol Luimniġe. Ḃí sé cráiḋte ó ḃeiṫ ag taiḋḃreaṁ air agus aduḃairt sé le n-a ḃean [mnaoi] go mbfearr dó dul agus triail do ḃaint as.1 “Nár ḃaca Dia do leas duit,”2 arsa an ḃean leis, “is dóċa ná fuil ann aċt diṫ-céille.” “Ní ċaillfead aon rud leis,” ar sé sin, “imṫeóċad liom i mbáraċ.” D’imṫiġ agus nuair doċuaiḋ3 sé go dtí droiċead maol Luimniġe, do ḃí sean-duine beag liaṫ ag siuḃal anonn agus anall4 ar an droiċead. Do ḃeannaiġ an fear so don sean-duine, agus do ḃeannaiġ sé sin dó. Aċt do ṫuiteadar isteaċ ċum cainte le n-a ċéile5 agus d’innis an fear so don sean-duine cad as é agus cad ṫug innso é. “Go ḃfeuċa Dia ort,” arsa an sean-duine leis, “atáim-se ag taiḋḃreaṁ ar an rud ceudna sin le fada agus sé áit ṫaisbeánaḋ dam é d’ḟaġḃáil ann6 aċt in a leiṫéid seo de áit i gconntae Portláirge ar ṫalaṁ a leiṫéid seo [de] ḋuine.” D’innis sé ainm agus sloinne an ḟir dó. “Agus, is dóċa,” arsa an sean-duine leis, “gurab é an cleas ceudna agat-sa é.” “Má is mar sin é,” arsa an fear, “atá sé ċoṁ maiṫ ḋam casaḋ a