11
do ḃí gaċ aon rud ċum dul ċum cinn.20 Aduḃairt an fear so le n-a ḃean [mnaoi] go mbfearr ḋó dul go dtí an maiġistir leis an gcíos, ó [dá] luiġead cíosa do ḃí orra, go mbféidir go ndeunfaḋ sé maiṫeas don maiġistir.
Aduḃairt sí sin leis go raiḃ sé ċoṁ maiṫ é do ḋeunaṁ, agus ar imṫeaċt don ḃfear,21 ní i dtaoḃ leis an gcíos d’imṫiġ sé mar ṫug sé ceallmán maiṫ den ór do ḃí insan ċorcán leis agus do- ċuaiḋ sé go dtí an maiġistir. Má doċuaiḋ, ní raiḃ an maiġistir ċum dul ag caint le haoinneaċ ar an am sin,22 mar do ḃí iomarca buaiḋearṫa air, aċt d’iarr an fear so ar an seirḃíseaċ é do leigint [leigean] ċum an ṁaiġistir d’feicsint mar go raiḃ gnó práinneaċ aige ḋe,23 agus do leigeaḋ isteaċ é agus doċuaiḋ sé ċum cainte leis. Nuair doċuaiḋ sé isteaċ, do ċuir an maiġistir na túrṫa fáilte roiṁe.24 D’ḟiarfaiġ sé ḋe cad ṫug innso é, “Ó ṫug díol ciosa leat,25 a ṁaiġistir,” arsa sé, “atá cíos seaċt mbliadna agat orm, a ṁaiġistir.” “Téiġir a ḃaile a ḟir ḃoiċt,” arsa sé, “agus caill leis na páistiḃ é,26 mar beiḋ mo ċuid se go léir," arsa sé, "cain- teáilte innso ag [ar] a dá ḃuille uair ḋeug. Ḃí sé ċoṁ maiṫ agat [duit] fuireaċ [fanaċt] insan mbaile mar is iomḋa cíos mar do ċios-sa do réiḋteóċaḋ mo ḃruid ar an am so.”27 “A ṁaiġistir,” arsa sé, “an mór é do ċuid fiaċa, nó cadé a ṁéid do réiḋteóċaḋ do ṗráinn anois?” “Atá,” arsa sé, “idir a trí agus a ceaṫair de ṁíltiḃ púnt.” “Ṁaiseaḋ, tiuḃrad-sa an méid sin duit agus a ṫuilleaḋ in a ḟoċair,” arsa an fear. “A ḋuine gan ċiall [céill],” arsa an maiġistir, "an ag magaḋ fúm atá tú? Cá ḃfuiġḃṫeá-sa an méid sin airgid?” “Is cuma ḋuit cá ḃfuaras é, aċt go ḃfuiġḃe tú féin anois é.” Aduḃairt sé leis suiḋe innsin má ba é a ṫoil é. Do ṡuiḋ sé innsin, é féin agus beirt nó triúr daoine uasla [uaisle] do ḃí in a ḟoċair. Do ċóṁairiġ an