13
mbeaḋ dul isteaċ ar na dóirsiḃ.9 Beiḋ mise innso i gcionn mí [mís],10 aċt seo ḋuit,” arsa sé, “roinn airgid agus doġeuna sin tú go dtiocfa mé arís. Abair leis cunntas do ḃeiṫ aige dam,” arsa sé, “má ḟeudann sé é, cad iad na coṁarṫaí ḃíos11 eatorra insan oiḋċe.” Ṫáinig sé innsin i gcionn mí agus d’ḟan an fear ó obair an lá sin. Do ċeistiġ sé innsin é, cad iad na coṁarṫaí do ḃí eatorra. Aduḃairt sé leis go raiḃ aġaiḋ soluis an leasa12 a raiḃ sé ḟéin ag obair ann ar an lios ḃí ar an taoḃ ṫuaiḋ de [—ḃí sé féin ag obair insan lios do ḃí ar an taoḃ ṫiar], “agus aġaiḋ soluis an leasa atá ar ṫaob ṫuaiḋ atá sé ar an lios atá ar ṫaob ṫeas de agus aġaiḋ soluis an leasa atá ar ṫaob ṫeas atá sé ar an lios atá ar ṫaob ṫoir, atá na soilse go léir ar a ċéile insan oiḋċe. Taisbeánfa mise an lios duit um ṫráṫnóna an ḃfuil mé féin ag obair ann, agus ċoṁ luaṫ agus do lasfar an solus insan oiḋċe innsin beiḋ a ḟios aca féin cad ḃeiḋ ó n-a ċéile. Tair-se13 anoċt ċum an leasa agus do ċuid fear agus cuir cuid ded ċuid fear ag gaċ aon doras de na trí dóirsiḃ. Lasfar an solas innsin do na liosnaiḃ leasaiḃ go léir, agus beiḋ a ḟios aca innsin go ḃfuil an tóir orra. Doċíḋfe tú innsin,” arsa sé le Brian, “gaċ aon áit i ḃfuil lios agus tair go dtí an lios istoiḋċe i mbáraċ agus bíoḋ do ḋóṫain fear agat. Gaċ aon áit a ḃfeiceóċa tú solus, cuir cuid ded ċuid fear ann.” Do ḃí cuid dá ċuid fear in gaċ aon áit socair aige. Do lean sé díoḃ innsin, gur ḋíbir sé as an talaṁ iad. Ḃí sé dá marḃaḋ leis14 innsin gaċ aon lá as sin amaċ.
Nuair do ḃí a ndeireaḋ15 críoċnuiġṫe aige go dtí aon triúr aṁáin do ḃí insan lios déiḋeanaċ, nuair ṫáinig sé ċuige, an t-atair agus an ḃeirt ṁac do ḃí ann, aduḃairt sé leó go dtiuḃraḋ sé a n-anam dóiḃ, má inneósaidís dó cionnas do ḋeunaidís [do-ġnídís] an ḃeóir. Do ġlaoḋ an t-aṫair i leaṫ-taoiḃ saiġ-