30
Seáinín.—Ó ’se, i mbasa féin, ní heaḋ, aċt bean an tiġe do ḃí ag baint neanntóg agus d’airiġ sí an t-an-ġreadaḋ cainte agaiḃ46 agus nuair doċuaiḋ sí a ḃaile, do ċuir sí i leiṫ mise ċum a ráḋ liḃ oibriuġaḋ liḃ agus gan ḃeiṫ ag caint.47
A.—Ní ḋiongnainn daḃt den t-sean-ċiairseaċ48 agus is olc an aoi uirri sin morán oibre do ḋeunaṁ ḋí. Ná fuil a ḟios aici go maiṫ naċ aṁlaiḋ ċuirfimíd ar dteanga in ár bpóca ḋí. D’ar ndóiġ ní in ár mbeul atá an píce, aċt in ar láiṁ, agus is mór an gnó,49 mara ḃfuiġḃe daoine ḃeiṫ ag caint dóiḃ féin ċum an lá do ġiorrúċain ġiorruġaḋ dóiḃ.
S.—Caiṫ uait.50 Atá an ḃean ḃoċt cráiḋte an aimsir seo nuair atá an feur leaṫ-ḋróiġte uirri.
SEÁAN GAN EAGLA.
Seumus.—An ḃfuil siḃ in ḃur gcodlaḋ?
Caitlín.—Nílmíd. Cia atá innsin? Nó an tu Seumus?
S.—Is mé. Leig isteaċ mé.
C.—Rás i do ṡálaiḃ,1 maran déiḋeanaċ atá tu amuiġ. Naċ beag eagla atá ort?
S.—Cionnas atá Taḋg boċt anoċt? Do ċuir mo ṁáṫair aníos mé leis an mbraonín bainne seo. Folaṁaiġ an galún go mbeiḋ mé ag imṫeaċt arís.
C.—Cadé an deiṫneas atá ort? Tair aníos go ḃfeicfe tu é. Aréir do ḃí sé ḋá ráḋ naċ iongantaċ ná tagann tú ḋá ḟeuċaint. Is gairid go mbeiḋ sé ábalta ar ġaḃáil amaċ arís. D’éiriġ sé tamaillín indiu.
S.—Go mbaḋ slán éiriġṫe2 don ḃfear boċt.
C.—An ḃfuil tú i do ḋúiseaċt, a Ṫaiḋg?
Tadg.—Atáim, a Ċaitlín. An é sin Seumus airiġim ag caint?
C.—Is é. Ní baoġal gur ḋearṁad Peig ṫú. Do ċuir sí aníos le galún bainne ċugat é.3