32
Aduḃairt sé sin go mbeaḋ a ḟios aige féin. Doċuaiḋ
sé amaċ agus do ċuir sé a ḋrom insan ċlaiḋe. Níorḃ
ḟada do ḃí sé ann nuair ṫáinig fear agus ualaċ
camán aige. Do ċaiṫ sé ar an bpáirc iad. Ṫáinig
maiṫ-ṡluaġ in a ḋiaiḋ agus rug gaċ aoinneaċ aca ar
ċamán. D’éiriġ Seáan amaċ ón gclaiḋe agus do
láṁaiġ sé camán ċoṁ maiṫ le duine. D’imriġeadar
an báire go treun. Nuair do ḃí sé imirṫe do ċaiṫ
gaċ aoinneaċ aca a gcamán uaṫa agus ba é an fear
ceudna do ċonnlaiġ arís iad agus aduḃairt sé le
Seáan a ċaman do ṫaḃairt dó. Aduḃairt sé sin ná
tiuḃraḋ go n-inneósaḋ sé ḋó cadé a ċúis a raḃadar
ag deunaṁ díoġḃála don mbaintreaḃaiġ ḃoiċt
ḋeilḃ. Aduḃairt sé sin leis ná raiḃ aon rud le
deunaṁ aige féin aċt é do ṫeaċt istoiḋċe i mbáraċ
agus é do ċur i láṫair an ċoṁṫlóin [coiṁṫionóil].
Doriġne Seáan mar aduḃraḋ leis. Nuair do ḃíodar
go léir bailiġṫe istoiḋċe dar lá ar n-a ḃáraċ, do
ċuir Seáan fá ċeist iad agus aduḃairt sé leó gurab
é an náire an obair do ḃíodar a do ḋeunaṁ, gur
ċóir go mbeaḋ an dúṫaiġ fairsing aca agus gan ḃeiṫ ag
deunaṁ díoġḃála don mbean ḃoiċt agus gan aici
aċt an ṗáircín sin. Aduḃradar ná tiocfaidís ann
níos mó feasta; go raġaidís in áit éigin eile; agus
do ḃí Seáan sásta innsin. Doċuaiḋ sé isteaċ agus
d’innis sé a sceul do ḃean an tiġe agus do ḃí sí an-
ḃuiḋeaċ de.
D’imṫiġ sé leis ar maidin arís agus ṫug sé an lá ag siuḃal go raiḃ sé "ċoṁ-ṡolus fear le tor" um ṫráṫnóna. Doċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ feirmeóra agus d’iarr sé iostas na hoiḋċe orra. Aduḃraḋ leis go ḃfuiġḃeaḋ aċt gurab in tiġ leaṫ is amuiġ do ċaiṫ- feaḋ sé codlaḋ. Aduḃairt sé leó gur ċuma leis cá gcuirfiḋe é aċt go mbeaḋ sé fá ċleaṫaċaiḃ an tiġe. Doċuaiḋ fear an tiġe leis agus do ṫaisbeáin sé an teaċ ḋó. Do ḃí teine ḃreaġḋa ann agus seomra i dtaoḃ ṫiar den ċisdin agus leaba ann a