"Ní mé Íde, pé sceul é,” arsaiġ sí, “mar ceann cuaċaċ tá uirre sin, agus mise, ní ḟuil aon ċuaċ agam; agus ní me Briġid; tá fios gaċ aon rud agam-sa, aċt í sin! ní ḟuil fios dada aici! Rud eile, dar ndóiġ, naċ mise mé féin, agus naċ í sin í sin—Ó, Dia linn a’s Muire, naċ iongantaċ tré n-a ċéile tá gaċ aon rud ag teaċt! Fan leat, go ḃfeicfe mé an ḃfuil fios gaċ aon rud agam mar a ḃíoḋ. A cúig fó ċeaṫair sin a dó-ḋeug, a sé fó ċeaṫair sin a trí deug, agus a seaċt fó ċeaṫair sin—Ó, Dia lem’ anam, is fada go mbuailfe mé an fiċe ar an gcuma so! ’Seaḋ, aċt is cuma é dar ndóiġ i dtaoḃ Réim an Ṁeudaiġṫe, bainimís iarraċt as an Ġeografa. Londuin, sin í príoṁ-ċaṫair an Ṗáiris, Páiris príoṁ-ċaṫair na Róiṁe, agus an Róiṁ—cad é seo tá mé a’ ráḋ? Tá an ċaint seo go léir bun ós cionn! Is mé Briġid nó tá mé meallta. Fan go ndeurfa mé an raṁán so”—agus ṡocruiġ sí a ḋá láiṁín ar a binn díreaċ mar a ḃeaḋ sí ag ráḋ a ceaċta agus ṫosnuiġ sí ag cur dá croiḋe—guṫ garḃ neaṁ-ċoitċionta ḃí aici agus níor ṫáinig na focail mar ba ġnáṫ leo teaċt:—
’Sí an cuimín deas i mbróig í
A’s a coisín suiḋte córaċ.
“Tá mé ċoṁ siúrálta anois agus atá mé annso naċ iad so na focail ċearta,” arsaiġ Eiḃlís ḃoċt léi féin, agus ṫáinig na deoraċa le n-a súile, “IS mé Briġid gan aon agó agus caiṫfe mé dul ċum coṁnuiġṫe ’sa ṗuicidí beag tiġe sin atá aca; ní ḃeiḋ breugáin ná dada agam aċt lán a ṁála de ċeaċtanna agam le foġluim! Má’s mise Briġid annso ṫíos a