This page has been proofread.
27
I dTÍR NA nIONGANTAS
cad a ḋeunfaḋ sí, aċt ċuir sí a láṁ síos in a póca, agus ba é ba ṡeansaṁla ar doṁan é ṫarraing sí amaċ bosca milseáin ċasaċtaiġe (ḃí an t-áḋ leo nár ṫáinig uisce na sáile orra), agus roinn sí orra iad mar ḋuaiseanna. Ní raiḃ ann díreaċ aċt ceann an duine ḋóiḃ.
“Aċt caiṫfe sí duais a ṫógaint í féin,” arsaiġ an luċ.
“Ó, caiṫfiḋ, dar ndóiġ,” arsaiġ an gobadán; “cad eile tá id’ ṗóca agat?” arsaiġ sé sin, ag iompó ar Eiḃlís.
“Ní ḟuil dada go Dia eile agam,” arsaiġ Eiḃlís go brónaċ, “aċt meuracán.”
“Sín amaċ annso ċugam é,” arsaiġ an gobadán.
Ḃailiġeadar go léir isteaċ ṫimċeall uirre arís an ḟaid a’s do ḃí an gobadán go