"Tá eagla orm go ḃfuil,” arsaiġ Eiḃlís, “ní féidir liom cuiṁneaṁ ar rudaí mar ba ṫaiṫeaċ liom agus ní ḟanaim ’sa meud ná ’sa rioċt ceudna ar feaḋ aon deiċ nómantaí!”
“Cad iad na rudaí naċ féidir leat cuiṁneaṁ orra?” arsaiġ an ċneaṁdóg.
“Ṡíl mé “Fiaḋaċ an Ṁadra Ruaḋ ’sa Rinn” dó ráḋ, sin aṁrán airiġinn ag Uilliam Ṫaiḋg, agus ḃí sé go léir ag dul ’sa ṁuilleann orm,” arsaiġ Eiḃlís go truaiġḃéileaċ.
“Abair “An té ċífeaḋ an t-iongantas” dom,” arsaiġ an ċneaṁdóg.
Ċuir Eiḃlís a ḋá láiṁ taoḃ ṫiar dá drom agus ṫosnuiġ sí: -
“An té ċífeaḋ an t-iongantas ċonnaic mise an lá úd,
Madra-ruaḋ ar sodar agus diallait ón Spáinn air, Poc-fiaḋ ar a ṁuin agus é ag imirt ar ċláirsiġ, Duḃan-ḟalla agus teud aige dá dtarraing ṫar sáile.
M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déiniḋ rinnce.
An té ċífeaḋ an t-iongantas ċonnaic mise an lá úd, Cnoc Ṁaol Doṁn’ istiġ i mbórd árṫaiġ, Baile na Sagart ag ól a sláinte, Táiliúir i mbeul muice agus é ag scuabaḋ na sráide. M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, M’anam-sa an deadaró dilín ó déaró, Bobaró deirim-se agus déiniḋ rinnce.