"Ḋein muc de,” arsaiġ Eiḃlís, go ciúin, cneasta, agus gan cuiṁneaṁ riaṁ ar conus ṫáinig an Cat ṫar n-ais.
“Ḃí a ḟios agam go mb’ṡin é ḃainfeaḋ dó,” arsaiġ an Cat, agus sceinn sé arís as a raḋarc.
D’ḟan Eiḃlís mar ḃí sí tamall beag ag tnúṫán go ḃfeicfeaḋ sí arís é, aċt ní ḟacaiḋ. I gcionn cúpla nómant d’imṫiġ sí léi agus ḋein sí ar an áit a raiḃ coṁnuiḋe ar an nGirrḟiaḋ Márta. “Is minic a ċonnaic mé Fear Lár na Gealaiġe,” ar sí sin léi féin; “cuirfe mé níos mó suime ’sa nGirrḟiaḋ Márta feasta; agus béidir ó’s rud gurb’ é mí na Bealltaine aṫá anois againn ná beaḋ an confaḋ ar fad air — nó pé sceul é ná beaḋ sé ċoṁ dona agus do ḃí sé i mí an Ṁárta.” Le n-a linn sin d’ḟeuċ sí suas, agus cad ḃeaḋ ná an Cat in a ṡuiḋe ar ġeug crainn.
“An muc nó luċ aduḃairt tú an uair úd?” arsaiġ an Cat.
“Muc aduḃairt mé,” arsaiġ Eiḃlís, “agus feuċ,” ar sí sin, “dob’ ḟearr liom ná beiṫeá id’ ṫeasbáin féin agus id’ ċeilt féin ċoṁ obann sin: ċuirfeá meaḃrán i gceann duine, ċuirfeá sin.”
“Tá go maiṫ,” arsaiġ an Cat; d’imṫiġ sé an boḃta so go mín, réiḋ, as a raḋarc; barr an iarbaill d’imṫiġ an ċeud uair, agus ḃí an ċuid eile ḋe ag imṫeaċt ó ḃall go ball go dtí ná raiḃ aon rud le feicsin aċt an drana, agus d’ḟan sin tamall i ndiaiḋ na coda eile ḋe.
“Oċ!” arsaiġ Eiḃlís, “is minic a ċonnaic mé cat gan drana, aċt drana gan cat ní ḟaca mé go dtí an nómant so. Is é an rud is aite ċonnaic mé riaṁ im’ ṡaoġal é.”