10. ĊUIR mé an snáṫ ṫríd ċró na snáṫaide.
11. Ċas mé an snáṫ.
12. DO LEAṪ mé an ċasóg ar mo ġlúin.
****
13. DO ṠOCRUIĠ mé an cnaipe ar an éadaċ.
14. DO ṠÁIṪ mé an tsnáṫad aníos ṫríd ṗoll.
15. DO ṠÁIṪ mé an tsnáṫad síos ṫríd ṗoll eile.
16. D’ḞÁISG mé an snáṫ.
17. RINN’ mé an rud ceudna fiċe uair.
18. DO ṪOĊRUIS mé an snáṫ ṫart fá’n ċnaipe.
19. ĊUIR mé faic no ḋó ’san éadaċ,
20. Agus do ĠEARR mé an snáṫ.
XXXIX.—AN DÓIĠ LE LITIR DO SGRÍOḂAḊ.
DÁ N-IARRFAḊ duine orm litir do sgríoḃaḋ cad do ḊÉANFAINN?
1. ĠEOḂAINN páipéar, peann agus duḃ.
2. ṪARRAINGEOĊAINN mo Ċaṫaoir ’na’ ċláir.
3. D’ḞOSGLÓĊAINN an páipéar.
4. LEAṪFAINN amaċ é.
5. ṪUMFAINN an peann ins an duḃ.
6. ĊEISTEOĊAINN an fear caidé ṫeasduiġ uaiḋ.
****
7. ṪOISEÓĊAINN ar sgríoḃaḋ, agus
8. SGRÍOḂFAINN liom
9. GÓ GCRÍOĊNÓĊAINN an litir.
10. ṪRIOMÓĊAINN le páipéar súiġte í.