An té go mbíon uc agus ir go ceart aige ní deacair do cuir a rádh. Mar sin dos na_ceannaibh eile, leis. Is minic gurab é r leathan a bhíon ag na macaibh-léighinn ins na focalaibh brí, Brian, cré, grian, vrí, chré, ghrian. Is fearr mar thosnú an dá chonsain i dtosach an fhocail a chleachta i n-a gceann is i n-a gceann ar dtúis agus ansan iad a chur le chéile. Is maith an seift é, leis, fuaim i a chur isteach idir an dá chonsain chun cleachta a dhéanamh mar seo: birí, Birian, ciré, girian, virí, chiré, ghirian, agus ansan an i a leogaint ar lár agus an focal féin a rádh. Ní mór an dá chonsain i dtosach na bhfocal so a chleachta go maith, leis: cló, glóire, sgaoil, sgaipe.
AN BLAS.
Ag trácht ar na fuaimeanna féin a bhíomair go dtí so, agus ar an gcuma ’na ndeintear iad, agus ar conas is féidir iad a chleachta. Ní mór aire thabhairt don bhlas anois, agus na fuaimeanna agus na focail a chur le chéile fé mar a chuirean na seandaoine iad. Sa chuid eile den leabhar so tá ceachtanna chun na bhfuaimeanna agus na bhfocal do chleachta agus chun na cainnte do rádh ar nós na seandaoine. Moltar don mhúinteoir na ceachtanna san a chur á gcleachta go maith, agus féachaint chuige go mbeidh na fuaimeanna go cruinn ag gach duine sa bhuidhin, agus go gcuirid siad na focail le chéile i gceart. Má deintear é sin ní baoghal ná go mbeidh an blas go maith aca.