This page has not been proofread.
232
IRISH MINSTRELSY.
Do b’aédhearach le féuchain mo bhoith,
Le taobh coille a’s fíor-thobair úir;
Na h-énla an uair d’éirgheóchuinn go moch
Go h-aoíbhinn ag síor-sheinneadh ciúil;
Sruth siosmach, ciúmhais-glas, iomad-bhláith,
Crainn trom-thortha a’s geamhartha le n-ais,
Budh cliste iad na breic ann a lár,
Le fonn suilt ag léimneadh go fras.
Do chríochnúghadh na n-aoíbhneas so rómhain,
Agus compórd na h-óige mhéudúghadh,
Ní smuaínfinn gan caoín-bhean do thóghadh
Mar nuadhchar, ’s í oígeanta, búidheach;
Ann aoís a naoí-déag go h-iomlán,
A’s ceathair-air-fhithchid damh féin,
Bhiadh naoídhean air a cíochaibh gach cáisg,
A’s bhiadh sí leis sin do’m chomhréir.