Chídhfear na mílte ó’n Spáinn go tréun,
Fíor-Scoit na tíre do crádhadh le pléid,
Fíllfid gan mhaíll chúgainn tar sáil’ gan bhréig,
Ag coímhdeacht an Rígh cheirt a’s Ghráinne Mhaoil.
Spreag d’íntinn, bíodh meadhair ort go láidir, léir;
Glac cloídheamh chúgad a’s eírghidh, a ghráidh mo
chléíbh!
Sgínnfid ó Highlands luchd bláth-bhóinéatt,
Agus sínfid an Rígh ceart le Gráinne Mhaol.
Tá an t-impire agus Laoíseach agus Papa Dé,
Ag tígheacht chúghainn go buídheanmhar ’s an
Spainneach séimh;
Beidhid sítheach feasda, muinteardha, páirteach réidh,
Leis an Stíobhart-so air slígh chúgainn ’s le Gráinne
Mhaol.
Beidh síor-ghul a’s caoídh guirt a’s gártha cléibh,
Ag fíor-bhodaich choídhche, ’gus ní cás liom é;
Stríocfaid go h-ísiol, go tláith ’s go faon,
Do’n Stíobart do díbreadh ’s do Ghraínne Mhaol.