lorg caiṫeam-aimsire, no fós, sláinte, mar an ċuid eile de’n t-saoġal. Atá le ráiṫe duine uasal o’n ḃ-Frainc, gan focal Béarla in a ḃeul, gaċ lá ’san Árdsgoil ríoġaṁuil Gaeḋealaċ a m-baile Aṫa-cliaṫ. Ní luaiṫe h-osgaltar na dóirse i meáḋon-lae do’n ċoitċionntaċd má ḃíonn se ’san teaċ astiġ, agus ó’n tráṫ sin go n-dúntar na doirse uim ṫráṫnona ní ṫeid sgiṫ air aċt ag leiġeaḋ agus ag sgríoḃaḋ Gaeḋilge ċoṁ diṫċiollaċ agus dá m-beiḋeaḋ a anam air.
Atá arís na h-árd-ollaṁain so a g-críoċaiḃ imċiana ag cur in eagar agus ag craoḃ-sgaoileaḋ leaḃar Gaeḋilge, agus sinne ag a ḃ-fuil ualaiġe de na leaḃraiḃ so ag dróġaḋ, gan duine againn ar éigin dar ab eol iad do leiġeaḋ aṁáin. A ṁuintir na h-Éireann, an ḃ-fuil so creideaṁnaċ duinn? Naċ d-tiuḃramaoid láṁ cunganta dóiḃ so atá ag iarraiḋ an droicṁeas so do sgrios amaċ. Naċ d-tiuḃramaoid láṁ do’n droing ag iarraiḋ teanga ḃur n-duiṫce do ċoimead beo, agus í do ṁúnaḋ do ḃur n-aos-óg ionnos go m-b eol dóiḃ in a ḋiaiḋ so an obair úd do ḋéanaḋ a tá anois ag a déanaḋ ḋúinn ag na daoiniḃ a g-críoċaiḃ eile. Ag so an dá ġnóḋ go ró áiriġte fá’r cuireaḋ ar bun an t-Iris so na Gaeḋilge.
Léiġfiḋ siḃ ’san iris so a n-diu aṫráḋ fada ró ṫaḃaċdaċ as an iris-nuaḋaċda is mó coṁaċta agus is foirleiṫne do leiġṫear d’á ḃ-fuil ar ḋruim talṁan—na h-Aimseara (The Times). Adeir sgriḃneoir an áilt so: “Atamaoid uile, Sagsanaiġ agus Ceiltiġ ar aoin-inntin le Aondaċt na Gaeḋilge san niḋ so:—buḋ maiṫ linn uile go n-déanfaiḋe teanga na h-Éireann do ḃeoḋúġaḋ. Is uaisle agus is luaċṁaire teanga duṫcusaċ iná aon iarsma eile de’n t-sean-aimsir.” Ar a ṡon sin, adeir sé, is diṫcéille a tá ar an muintir a tá ag cailleaṁuin a n-aimsire agus a saoṫair ag iarraiḋ an teanga so do ċoimeád beó óir ní ċoimeádfaiḋ muintir beó dóiḃ í. In áit a ḃeiṫ ag déanaḋ a n-diṫċill mar so go dioṁaoin, buḋ céilliḋe an niḋ do’n Aondaċt an Gaeḋilig do ċur in íocaiḃ agus í do leagaḋ asteaċ a d-tiġ sean-neiṫeaḋ éigin. Atá seod-ċoṁarṫaiḋe áille againn a d-tiġṫiḃ iongantus do’n t-saṁuil so—seod-ċomarṫaiḋe óir agus airgid agus fionndruinge, agus mór-ċuid díoḃ; agus is dóiġ leis an ollaṁ so go d-táinic an t-am ċum teanga na h-Éireann do ċur in a ḃ-focair súd. Aċt atá againn ualaiġe de na leaḃraiḃ láiṁ-sgríoḃṫa úd ar a d-tugaid luċt na fóġluma ionṁuis agus saiḋḃreas. Níor cuireaḋ in eagar fós aċt fíor-ḃeagán díoḃ so; atá an ċuid eile ḋíoḃ ag dróġaḋ ’s gan seisear in Éirinn eolaċ ar iad do léiġeaḋ aṁáin. Cread déanfamaoid leis na leaḃraiḃ so? Ní ṫaḃarfaḋ na daoine is mó eolus is na críoċaiḃ úd do luaiḋeaḋ linn ċeana orlaċ ḋíoḃ ar ór dá m-buḋ leo iad. An m-bronnfamaoid orra iad, agus a ráḋ leo olc no maiṫ a ḋéanaṁ ḋíoḃ? Cread deir siḃse, a ṁuintir na h-Éireann? Cuiṁniġiḋ go m-b’ ḟeárr míle uair iad do ḃronnaḋ ar aon droing faoi’n ngréin do ḋéanfaḋ iad do craoḃsgaoileaḋ iná iad do ḋróġaḋ annso: agus ní ḃ-fuil aon roġa eile againn, aċt ár leaḃra Gaeḋilge do ḃronnaḋ, a leigion dóiḃ dróġaḋ, no teanga Ġaeḋealaċ do ṁúnaḋ d’aos óg na h-Éireann, go h-áiriġṫe ins na h-áitiḃ in a ḃ-fuil sí ’na m-beul fós ag óg a’s aosta. Tugaiḋ niḋ eile fá deara fós: atá cuid de na sean-leaḃraiḃ so naċ n-déanfar a ṫuigsin na do ċur in eagar ċoiḋce le h-aon neaċ aċt le duine éigin do laḃair Gaeḋilig o n-a óige.
Atá an duine uasal úd ó’n ḃ-Frainc do luaiḋeaḋ ṡuas ag aisdriúġaḋ Annála Ríoġaċta Éireann (Annála na g-Ceiṫre Maiġistir) go Fraincís. In ráiṫe aimsire, ó ṫainic sé go h-Éirinn, do ċuir sé a g-clóḋ a b-Páiris cuid inṁeasda de leaḃar de na h-Annálaiḃ so. A ṁuintir na h-Éireann, feuċaiḋ ar so: ḃur leaḃra féin agus fos