’Nuair a ċuaiḋ Bearċán a ḃaile i gcoṁair na h-oiḋċe do innis sé d’a ṁnaoi go raiḃ sé lá ar n-a ṁáireaċ ċum ḋá ċloiḋeaṁ do ḋéanaṁ do Ḟionn Mac Cuṁaill, ⁊ go raiḃ Fionn Mac Cuṁaill ċum sgeul do innsint do ar feaḋ na tréiṁse sin, aċt go raiḃ sé do ualaċ[1] air féin gan aon ḃean ḃeiṫ ag éisdeaċt leis an sgeul, “a’s ná tair-se in aice na h-áite,” ar seision, “mar dá ḃfeicfeaḋ Fionn Mac Cuṁaill ṫú do stadfaḋ sé, ⁊ ní ċloisfinn níos mó de’n sgeul uaiḋ.”
“Geallaim duit naċ raġad,”[2] ars an ḃean.
An lá ’n-a ḋiaiḋ sin do ġlaoḋaiġ Bearċán ar a ḃuaċaill, ⁊ aduḃairt sé, “A ḃuaċaill is feárr do ḃí ag duine boċt riaṁ, éiriġ, ⁊ bain beart luaċra ⁊ taḃair ċum na ceárdċan é, ċum go sínfiḋ Fionn Mac Cuṁaill air, an ḟaid do ḃeiḋ sé ag innsint sgéil ḋaṁsa.”
Do ċuaiḋ buaċaill Ḃearċáin ag iarraiḋ na luaċra, ⁊ do lean an ḃean é.
“A ḃuaċaill,” ar sí, “tiuḃraiḋ mé díoluiġeaċt ṁaiṫ ḋuit má ċuireann tú mise isteaċ ’sa ḃeart luaċra, ⁊ mé ṫaḃairt ċum na ceárdċan, ⁊ gan aon niḋ do leigint ort mar ġeall ormsa.”
“Go deiṁin ní ḋéanfad,” ars an buaċaill, “mar do ṁaireoḃaḋ mo ṁáiġistir mé, no ní ḃeiḋeaḋ aon ionntaoiḃ[3] aige asam ċoiḋċe arís.”
“Ní ḃeiḋ fios aige,” ar sise, “ar cad do rinnis, mar fanfad-sa istiġ ’sa luaċair go n-imṫeoġaiḋ sé féin ⁊ Fionn amaċ as an gceárdċain ⁊ ní ḟeicfid siad mé in aon ċor, ⁊ ní ḃeiḋ fios aca go raḃas ag éisteaċt leo.”
“Má ḋeineann tú sin,” ars an buaċaill, “cuirfiḋ mé ṫu ins an ḃeart.”
Do ṡín sí ’sa ḃeart, ⁊ do ċuir an buaċaill an luaċair móir-ṫimċioll uirrṫe, ⁊ do ṫug ar a ḋrom í féin ⁊ an ḃeart gur ṡroiċ sé an ċeárdċain, ⁊ do ċaiṫ sé an ḃeart de ’sa ċúinne.
Buḋ ġeárr ’na ḋiaiḋ sin go dtáinig Fionn Mac Cuṁaill isteaċ, ⁊ do ṡín sé ar an ḃeart.
“Cad é an sgeul,” ar sé, “a ’neosaiḋ mé ḋuit, a Ḃearċáin?”
“Buḋ ṁaiṫ liom a ċloistint uait,” arsa Bearċán “cad iad an dá ġníoṁ do rinnis riaṁ is cruaiḋe do ċuaiḋ ort.”
“’Neosad soin duit,” arsa Fionn Mac Cuṁaill: “lá dá raḃas am’ aonar ag siuḃal le h-ais aḃann do ċonnac tiġ tamall geárr uaim ⁊ do ṫriallas faoi n-a ḋéin. ’Nuair do ċuaḋas isteaċ do ċonnac an gaisgiḋeaċ is mó d’á ḃfeaca riaṁ ’n-a ṡuiḋe cois na teineaḋ, ⁊ iasg in aice leis ar na sméaróidíḃ.
‘Cia h-é ṫusa?’ ar seision.
‘Is mise Fionn Mac Cuṁaill,’ arsa mise.
‘Is tu go deiṁin an fear do ṫeasduiġ uaim,’ ars an gaisgiḋeaċ.
‘Seo bradán,’ ar seision, ‘agus do ḃíos d’á ḟaire le sé lá ⁊ sé oiḋċe ċum é ṁarḃaḋ. Sínfead sa anois ṫorm[4] go gcodólfad beagán, ⁊ taḃair-se aire do’n iasg go ndúiseoġad. Ná leig aon ċlog do ṫeaċt air, no má leigeann tú bainfead-sa do ċeann díot. Bí ḋ’á iompáil[5] ó ṫaoḃ go taoḃ i gcás naċ éireoġaiḋ aon ċlog air.’
Do ḃíos-sa go cúramaċ ag taḃairt aire do’n iasg, ⁊ faoi ċeann tréiṁse geárr’ do ċonnac clog mór ag éirġe ar ḋruim an ḃradáin. Do ṫáinig criṫeagla orm i dtaoiḃ an ḟógra fuaras, ⁊ do ċimileas m’órdóg go dlúṫ dian ar an ċlog, ċum naċ tiuḃraḋ an gaisgiḋeaċ faoi n’ aire é, ’nuair a éireoġaḋ sé, aċt do doġaḋ m’ órdóg féin[6] ċum an smior (smeara), ⁊ do ċuireas am’ ḃeul é, ⁊ níor luaiṫe do rinneas ’ná fuaras fios dá ḃfanfainn i ḃfeiḋil an éisg go maireoḃaḋ an gaisgiḋeaċ mé an uair a ḋúiseoġaḋ sé. Do ċuireas m’ órdóg faoim ġiall arís ċum fios ḟáġail cad dob’ ḟeárr ḋam a ḋéanaṁ, a’s do fuaras fios imṫeaċt as an áit ċum naċ béiḋeaḋ fios ag an ngaisgiḋeaċ cá raḃas, ⁊ ní ḟeaca riaṁ ó ṡoin é, ⁊ is mar sin do ṫárla ḋam féin