Jump to content

Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/246

From Wikisource
This page has been proofread.
38
THE GAELIC JOURNAL.

A’s mar ḃeiṫ cinneaṁaint ġeall Mac Dé
ḋuit
’God’ ṡoċraid go leiṫ Éire(?),
Go gcoṁnuiġiḋ beannaċt Dé leat,
A’s go dtéiḋ tú i staid na ngrás.

II.


Ní binne laḃras eunlaiṫ
Faoi ḃruaċ na coille craoḃḋa;
Tá an ċuaċ ’san lon ’s an ċéirseaċ
Gan aon smigeaḋ aṁáin;
Tá an smóilín ṁilis ḃéil-ḃinn
’S an faoileán geal ag geur-ġol,
’S an eala ar ḃruaċ loċa Éirne
A’s ní féidir léiṫi snáṁ.
Ní ḟuil meas a’ teaċd ar ġeugaiḃ,
A’s ní ḟuil toraḋ a’teaċd i n-éifeaċt,
Ní ḟuil teas ar biṫ ’san ngréin, a’s
Ní ḟuil an feur glas a’ fás:
Tá an ġealaċ a’s na reulta
Faoi ḋuiḃṫin a’s faoi éicliops,
Ó cailleḋ croiḋe na féile
Ṫug an réim leis as gaċ áit.

NOTES.

Line 4, gréin=grian, the ground (at the bottom of a river, &c.) Perhaps ó ’n ḃfréiṁ should be read. Line 9, cúlóg, one who sits behind another on horseback. This quatrain is obscure, and is seemingly addressed to Death. Line 14, mar ḃeiṫ = muna mbeiṫ, muna mbeiḋeaḋ. Cinneaṁaint, the fate; article frequently omitted when relative clause follows and defines the noun. The fancy of nature, animate and inanimate, grieving for the dead, so simply and beautifully expressed in stanza 2, is a commonplace in Gaelic elegies.

This poem was taken down by me from the dictation of an old man in this parish. It was composed by a man living in Cramp Island, near Renvyle, in this county, on the occasion of the death of a young man called Gibbons, who was a leader among the people in ’98.

F. W. O’CONNELL
Aasleagh, Leenane,
Co. Galway.



AN DI SIÚD TUSA?

Ḃí bé ann: níor ḋuiḃe an gual ná a folt, ⁊ níor ḋeirge an caor ná a gruaḋ. Ḃí a súile coṁ gorm le buġ ⁊ a déad coṁ geal leis an sneaċta. Níos binne ná ceól na n-eun uile a glór. Brat glas uaine uimpi, ⁊ dealg de ḋearg-ór n-a ḃrollaċ; éadtrom éasguiḋ uasal a siuḃal, aċt ní raiḃ uaḃar, maos, ná mustar innti. Ḃí fearann torṫaṁail aici, gleannta fada féarṁara, máġṫa mín-áilne, cnoic ⁊ sléiḃte ⁊ loċa ⁊ aiḃne. Agus ḃí an ṁuir n-a timċioll ag déanaṁ sír-ċeoil di, ⁊ aer bog bríoġṁar ós a cionn ná leigfeaḋ di dul i gcríonaċt ná i gcríonċaolaċt go bráṫ.

D’imṫiġ a clú ⁊ clú a cloinne tar lear; ní aṁáin gur líon na dúṫaiġe ḃí i ngar di d’á cáil, aċt do roiċ na tíorṫa ḃí i ḃfad uaiṫi. Ṫáinig ríġṫe ⁊ flaṫa as foigseaċt ⁊ as imċéine ag éisteaċt le binneas a guṫa ⁊ ag foġluim ó n-a saoiṫiḃ. Ṡáruiġ cráiḃṫeaċt a naoṁ ⁊ geanṁnaiḋeaċt a maiġdean an uile ċráiḃṫeaċt ⁊ an uile ġeanṁnaiḋeaċt ar ḃreáġḋaċt; ní ḟeudfaiḋe an buaiḋ do ḃreiṫ ó n-a cailíniḋíḃ, ⁊ i leiṫ a laoċraiḋe ṫugadar an réim leó le calmaċt.

Ḃí na talṁanta ’n-a timċioll lán do ḋorċadas ⁊ do ḋuḃ-ċeó ⁊ tír na béiṫ-seo fá lán-tsoillse gléineaċta na gréine. Aċt ní ḃíonn ar an tsaoġal aċt seal. Is gearr ḃíonn an t-aṫruġaḋ ag teaċt. Agus do ṫáinig sé uirri-se leis; aċt cionnus? An éigion an ḟírinne d’innsint ⁊ a adṁáil gur anuas as an gcéim ab áirde dá ċailiḋeaċt do ṫáinig an mí-áḋ so uirri?—gur as cailleaṁaint a clú d’inġín di féin ṫosnuiġ lá leoin na béiṫe. Um an am-so ḃi rí áiriṫe ’n-a coṁursanaċt, ⁊ ba ṁaiṫ leis a talaṁ do ḃeiṫ aige féin. Do ċuir sé teaċtaire go huasal, ag a raiḃ coṁaċta éigin os a cionn, ⁊ d’innis do go fallsa feallṫa ná raiḃ creideaṁ ná dlíġe ’n-a tír, ná raiḃ sí ag oileaṁain a cloinne i gceart ná i gcóir, ná raiḃ croiḋe ná coinséas aca, go raḃadar ag imṫeaċt fiaḋanta, ⁊ ná raiḃ fiú an euduiġ féin ar ċuid aca. D’aiṫin an t-uasal do go raiḃ cead aige uaiḋ féin gaċ aonníḋ ḃí as a alt do ċur ’n-a ionad arís ⁊ an tír ar fad do ċur fá n-a smaċt, dá mbuiḋ ṁeón leis.

Do líon na hallṁuraiġ isteaċ annsan, ar dtús go lag, aċt do réir mar do ḃí ag éirġe, ḃíodar ag dul i dtreiseaċt, ag cur a gcleaṫaċ i dtalaṁ, ⁊ ag faġáil ġreama