Jump to content

Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/97

From Wikisource
This page has been proofread.
93
THE GAELIC JOURNAL.

[An méad atá ṡuas, is cuid é do’n “Eaċtra ar Ḟionn Mac Cuṁaill ⁊ ar ṁnaoi Ḃearċáin do ḃí ’san ċéad uiṁir do’n imleaḃar so tá i láṫair. Do ċonnaic gaeḋilgeoir éigin an sgeul ins an Irisleaḃar, ⁊ do ċuir sé i gcuiṁne do’n sgeulaiḋe beagán do’n Eaċtra do ḋearṁad sé roiṁe sin. Sin agaiḃ anois é mar atá ṡuas. S.L.]

[The above is a variant of the legend about Fionn Mac Cumhaill’s thumb (or tooth) of knowledge. When considered as a modern popular version, it will be seen that it differs very little indeed from the ancient form preserved in Mac Ghíoṁarṫa Fhinn.—J.H.L.]


CONNAUGHT IRISH.


ÓLAMUID SLÁINTE NA N-EUN.

Táinic an dréoilín go dorus tiġe an
tailliúr’,
Ḃuail ḃuille air ⁊ ḃain sé clár as;
Mar ndeunfaiḋ tú mo rapper ḋam agus
velvet lé n-a ċába,
Beiḋ mé ag gaḃáil de ṁaide ort no go
mbinsfiḋ mé do ċnáṁa.

Ólamuid sláinte na néun.



Mise Seáġan ’ac Síoda mac Síle Níc
Aṁlaiġ,
A ṫáinic ar an mbaile so ’réir a’ deanaḋ
cleaṁnais;
Tá bá ⁊ caoiriġ agat-sa ⁊ deis ṁór le
haġáiḋ bainse,
Agus mar dtugaiḋ tú d’inġean dam
imréoċad ort-sa an clampar.

Ólamuid sláinte na n-eun.



Tá siopa ag an dréoilín ċoṁ laídir ⁊ tá i
nGansa
Tá fíon ⁊ tá beoir aige, ta rum aige ⁊
brannda,
Tá líon a’ tiḋeaċt ’na ṫuilliḃ aige anall ó
ríġ na Fraince;
Tá an t-iolra mór a’seinm ceoil ⁊ an
milearún a’ daṁsa.

Ólamuid sláinte na n-eun.



Dá ḃfeicfeá sa an corr uaiṫne ⁊ í ṡuas ar
an green table,
A mionna ar an leaḃar gurab é an dreóilín
a céile;
“Ṫut, ṫut!” aduḃairt an breiṫeaṁ, “ní
ġlacfa mé mionna éiṫiġ,
“Naċ ait an rud corr uaiṫne agus dreóilin
a gaḃáil le ċéile.”

Ólamuid sláinte na n-eun.



Dá ḃfeicfeá an t-iolra mór ⁊ é ṡuas ar
an gCruaiċ Ṗádruic;
Ba ṁinic leis ḃeiṫ aigeanta ’s níor ṁinic
leis ḃeiṫ ráiḋteaċ;
Ċonnaic mé ar an gcurraċ é aréir a’ riṫe
rása,
Agus ḋá ċeann deug de ċearcáiḃ aige ṫug
sé ó mo ṁáṫair.

Ólamuid sláinte na n-eun.



Dá ḃfeicfeá iad-san cruinniġṫe uilig a’
dul ’un feusda;
“Go mbeannuiġiḋ Dia ’s Muire ḋuit,”
dúḃairt duine aca le ċéile;
“Mar dtugaiḋ siḃ rud eígin dam a ċuir-
feas mé in mo ḃeuḃar,
“Raċa mé go hIorrus, mar ḃeiḋeaḋ boċt
ag iarraiḋ déirce.”

Ólamuid sláinte na n-eun.



“Da ḃfaġainn an piópa dearg ⁊ bosca
lán de ṡnaoisín,
“Soiṫeaċ uisge beaṫa, ⁊ an bairile ḃeiṫ
líonta,
“Comrádaiḋe ḃeiṫ i n-aice liom ó ṁaidin
go dtí an oiḋċe,
“Níor ḃaogal do ṁaor an ḃaile so mo
ċapall ná mo caoiriġ.”

Ólamuid sláinte na n-eun.


ANECDOTA FROM IRISH MSS.

XII.

Irische Texte III., p. 38.

Sian scoṫar, The knife cuts,
rind reiṫes, The
liag loṫas, The spoon ladles (?)
tim teiċes. The weakling flees.