OIḊĊE IASCAIĠ
ḃfeicfinn Tír na nÓg ṫiar ar fad sa ḃfairrge, aċ ní ḟeaca. Taḋg Óg aduḃairt liom go ḃfuil sí ann agus gur ċaiṫ Oisín trí ċéad bliain innti gan aon lá aoise a ṫeaċt air. Duḃairt Niaṁ Cinn Óir leis gan dul ṫar n-ais go hÉirinn níos mó, aċ ṗrioc an míḟoirtiún é go dtiocfaḋ sé ag féaċaint na seanaṁuinntire, agus ní túisge ċuir sé a ċos ar ṫalaṁ na hÉireann ná ḋein seanduine ḋo agus cailleaḋ ’na ḋiaiḋ san é. Nárḃ é an t-amadán Oisín nár ḟan mar ḃí aige. Iomarca teaspaiġ, is dóċa.
“Hé, Jimín,” arsa Mam arís, agus í amuiċ ar an gclaiḋe am’ lorg. Ruaig sí sin Tír na nÓg as mo ċeann agus ċuas isteaċ fén seól sa naoṁóig ċun ná feiceaḋ sí me. Le n-a linn sin ċuala na hiascairí ag teaċt ċun dul ar an ḃfairrge. Ċualadar Mam ag glaoḋaċ orm.
“N’ḟeadar,” arsa Donnċa Ṗeig, “cá ḃfuil an diailín sin imiṫe. Ḃí sé annsan ó ċiainiḃ. Sid í a ṁáṫair fós ’á lorg.”
“I n-áit éigin ċun toirmisc, bíoḋ geall,” arsa aṫair Ṁicilín. “Níl a leiṫéid ar ḋá ċois.”
“Scaoil an téad san agus bímís ag bogaḋ linn siar,” arsa Taḋg Óg.
Faid a ḃíodar ag cainnt, a ḋuine, ṫáinig anaċuiṁneaṁ dom go raġainn féin ag iasgaċ leo an oiḋċe sin; agus ná raiḃ agam aċ fanúint socair mar a raḃas agus ná taḃarfaí fé ndeara me go mbeidís ró ḟada siar ċun filleaḋ aḃaile liom. Ṫáinig sé go léir im’ ċeann mar imeoċaḋ pléar as guna.
Ní raiḃ gíog asam agus iad ag teaċt sa naoṁóig. Ḃraiṫeas ag cur na maidí amaċ iad, agus níorḃ ḟada gur ḃraiṫeas siuḃal ag teaċt fén naoṁóig. Nuair ḃog sí amaċ as an gcuas ḃraiṫeas í ag tuitim ’s ag éiriġe le suaṫaḋ na fairrge.
Ḃí míḟoiḋne orm teaċt amaċ ón seol agus preab a ḃaint asta; aċ ḃí eagla orm dá ndeininn ró luaṫ é go ḃfillfidís agus go gcuirfidís i dtír arís me. Ba ṡia liom gaċ neomat ná uair a’ ċluig ag feiṫeaṁ. Níor
93