OIḊĊE IASCAIĠ
Ḃí Máire Aindí agus máṫair Ṁicilín ’á cóṁairliú teaċt ar an dtaoḃ socair den scéal agus gan a ḃeiṫ ’á cur féin ċun tinnis im’ ṫaoḃ. “Ḃíomair go léir óg ’s gan ċiall,” arsa Máire Aindí, “agus cé mór do Jimín boċt tamall a ḃaint as. Ní beag do a luaiṫe a ṁúinfiḋ an saoġal do gur ċun cruatain a rugaḋ sinn.”
Le n-a linn sin ṫáinig Daid ó ṫiġ m’aintín agus allus ar an gcapall aige. Nuair a ċualadar ná raḃas i dtiġ m’aintín ṫuit an lug ar a’ lag aca. Níor ḟan aon ċainnt ag na mnáiḃ a ḃí fara Mam. Is aṁlaiḋ a ḃídís as san amaċ, ’na ngasraí ag cogarnaiġ ag bínn a’ tiġe nó i dtiġṫiḃ na gcoṁarsan. Nuair a ḃí an lá ag breacaḋ ċuadar ’na dtriúraiḃ ’s ’na gceaṫraraiḃ am’ lorg ar fuaid na bpáirceanna agus cois na gclaḋṫaċ. Ċuadar barra na ḃfaillte siar, leis, agus iad ag iniuċaḋ síos agus eagla orṫa go ḃfeicfidís Jimín boċt smiodarṫa ṫíos ar na cloċa. Ṫánadar ar ḃarra an ċuasa agus ḃíodar ag féaċaint síos tríd an uisge go ḃfeicidís mo ċorp ameasc na feamnaiġe ṫíos ar an ngainniṁ. Ní ḟeacadar, ar ndó.
Níor ḟan aon ċainnt ag aonne ar an mbaile ’na ḋiaiḋ san. Ḃí gaċ aonne ag imṫeaċt go ciúin agus aonne a laḃraḋ is ag cogarnaiġ a ḃíoḋ sé. Ṫáinig Mam isteaċ aḃaile agus ṡuiḋ sí ar an raca agus ní ḟéadfaḋ aonne focal a ḃaint aisti.
Mar sin a ḃí go dtí ag déanaṁ amaċ ar a leaṫ-uair tar éis a cúig. Ḃí Taḋg Mór ar an gclaiḋe agus ráinig leis naoṁóg d’ḟeiscint ag déanaṁ ar an gcuas. Ní mór an tsuim a ċuir sé sa scéal ar dtús go dtí gur tugaḋ casaḋ éigin den naoṁóig. Annsan ṫug Taḋg léim as a ċorp agus do ġlaoiḋ sé ar an gcuid eile.
“Féaċaiḋ an naoṁóg san,” ar seisean. “Tá duine farra n-a ceart innti.” Aċ, toisc go raiḃ an naoṁóg díriṫe ar an gcuas arís, ḃíodar i ḃfad go raiḃ deiṁniú scéil Ṫaiḋg Ṁóir aca. Annsan baineaḋ casaḋ eile as an naoṁóig agus ċonnacadar go léir an ceaṫrar. Sin é an uair a ṫáinig a gcainnt dóiḃ—gaċ aonne ag cainnt
99