MAR A n-INNSTEAR SCÉALA NA NODLAG
sí lán a’ ḃosca de rísíní agus de ṡiúicre agus de ṫé léi, agus bairġín mór breac ón siopa, agus ḃí buidéil ann—buidéil go raiḃ deoċ ḃuiḋe ionnta agus buidéil eile go raiḃ rud éigin gormḋearg ionnta agus crúsca mór lán de rud éigin duḃ. Ḃí cnapán mór feóla, leis, aici. Ċuala go dtug sí uḃla, leis, léi, aċ ní ḃfaġaimís-ne an oiḋċe sin aon ċeann aca toisc a raiḃ de ḋíoḃáíl déanta againn leis na tairngí. Ċuir sí iad go léir isteaċ sa ċurpad agus ċuir sí an glas air.
Lá’r na ṁáireaċ ṁairḃ Mam gé agus laċa le sciain. Is aṁlaiḋ go ġearruiġ sí cúl an ġé leis an sciain agus ċongaiḃ sí greim uirṫi agus an gé a’ scréaċaiġ agus an ḟuil ag imeaċt aisti. Nuair do ċaiṫ sí uaiṫe ar an dtalaṁ í ḃí an gé ag léimriġ agus ag criṫ. Ní ḟanfaḋ Cáit ag féaċaint uirṫi ’á marḃú i n-ao’ ċor aċ riṫ sí isteaċ agus a méireanna ’na cluasa aici. Nuair ḃí an gé fuar ċuir Mam páipéar tiompall ar a ceann agus ḃain sí na cleití ḋi agus ċuir sí ar croċaḋ ar ċúl a’ dorais í.
Oiḋċe Nodlag ḃí anaṡaoġal againn! Fuaireas féin agus Cáit ḋá ṫurnap ṁóra agus ḃaineamair a leaṫ ḋíoḃ agus annsan ċuireamair poll síos ionnta ċun na gcoinnle ċur ’na seasaṁ ionnta. Annsan ṡáṫamair craoḃa beaga cuilinn i ngaċ turnap aca agus ċuir Cáit páipéar tiompall orṫa. Ḃíodar go gleóite, a ḋuine, agus lasamair iad sar a dtáinig an oiḋċe i n-ao’ ċor; aċ ṁúċ Mam arís iad.
Istoiḋċe ċuir mo Ṁam prátaí is iasc ar an mbórd ċuġainn aċ am’ baisce nár iṫeas féin ná Cáit aon ṗioc de mar ḃí ḟios againn go raiḃ rudaí eile ag teaċt. I gcionn tamaill ṫairrig Mam amaċ an císte mór breac agus do ġearruiġ sí ḋúinn é agus ḋein sí té, agus fuaireamair ḋá uḃall uaiṫe.
Nuair a ḃí aṫair Ṁicilín ag dul ṫar doras ṫug Mam isteaċ é agus ṫug sí braon as buidéal do—buidéal go raiḃ trí réilṫíní air—agus ṫug sí braon beag do Ḋaid agus fuair sí féin braon as buidéal eile agus duḃradar go leir “go mbeirimíd beo ar an dtráṫ so arís!”—
29