JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG
Nuair ná raiḃ an dream sa ḃaile i ḃfonn ċun coidriṁ ċuas ar lorg Ṁicilín Eoin. Ṫugamair tamall ag caiṫeaṁ caiḋtí agus tamall eile ag caiṫeaṁ tobac as ṗíp a fuair Micilín ag dul amú i bpóca a aṫar.
Nuair a ḃí an tobac caiṫte againn ḃíomair ag iarraiḋ cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaimís.
“An dian!” arsa mise, “beirimís ar asal Ṫaiḋg Ṁóir agus ar asal Ṁáire Aindí agus ceanglaimís a ḋá n-eirball!”
“Tá asal Ṁáire istiġ ó ṁaidin aici,” arsa Micilín.
“Ná féadfaimís éalú amaċ as an stábla leis?” arsa mise.
“N’ḟéadfaimís,” arsa Micilín. “Ná feiceann tú Nell agus Taḋg Óg sa ḃóiṫrín.”
“Go dtagaiḋ fuaċt ins na cosa aca, ná téiġeann isteaċ aḃaile!” arsa mise. “’Ḃfuil aon ní eile ḋéanfaimís? Ná fuil do ċat-sa fós gan báṫaḋ ’gainn?”
“Tá,” arsa Micilín, “aċ tá piscíní ó iné aici.”
“Ó, hanaman diucs! báṫaimís na piscíní, a Ṁicilín.”
“Ní ḃáṫfam, a ḃuaċaill; teastuiġeann ceann óm’ aintín agus ceann ó Nell Ṁáire Aindí.”
“Oċ a ḋe!” arsa mise.
Ḃíomair i ḃfad ag cuiṁneaṁ ar rudaí aċ an riaċ ceann a ḃí ċun ár sásaiṁ. Sa deire d’éistíomair ar fad. Sin é an uair a riṫ an rud im’ aigne féin.
“Hanaman scian, a Ṁicilín!” arsa mise, “’ḃfuil ḟios agat cad é?”
“Cad é?” arsa Micilín.
“Bíoḋ Dreóilín amáireaċ againn!” arsa mise.
“Hanaman diucs, bíoḋ!” arsa Micilín, agus an dá ṡúil ag dul amaċ as a ċeann. “Agus bead-sa im’ amadán.” [Sin é an fear go mbíonn an loṁnán gaoiṫe aige sa Dreóilín, tá’s agat, agus é ag bualaḋ gaċ aonne leis.]
“Bead-sa im’ ċaptaen,” arsa mise.
“Agus cé ḃeiḋ ’na óinsiġ?” arsan fear eile.
B’in ceist ċruaiḋ le réiḋteaċ. Ċuiṁníomair ar Ċáit
34