LÁ AN DREÓILÍN
Nuair ḃí an béile iṫte agam ḃraiṫeas feaḃas mór ar gaċ aon scéal agus ḃíoḋ cuiṁne Ṁam ag imeaċt uaim go ḃféaċainn i gcoṁnaiḋe ar an gcasóig eirbaill. Do réir mar ḃí sé ag dul i ndéannaiġe, áfaċ, agus gur ṁiṫid dom ḃeiṫ ag dul aḃaile ní raḃas i n-ao’ ċor istiġ liom féin. Ḃí a cuiṁne ag teaċt tar n-ais ċuġam go hana-ṡoiléir ar fad. Níor ṡaṁluiġeas aon ní léi an uair sin aċ sceiṁle ṁór an Luain go mbíonn Beit Ṁór ag tráċt air go minic, pé rud é. Aċ ní raiḃ aon dul uaiḋ agam, ṫuigeas, agus d’éiriġeas ċun dul aḃaile.
“Aḃaile taoi ag dul?” arsa Nell.
“Seaḋ,” arsa mise, “agus ba ḃreá ḃeiṫ ag dul ’on croiċ seaċas é.”
Do ġáireadar go léir. D’ḟéaċas anonn ar Nell.
“Ṁuise, beannaċt Dé ort! agus téanam ort im’ ṫeannta féaċaint a’ ḃféadfá faoḃar mo ṁáṫar a ċur díom.”
Is dóċa gur ṫuig sí an cás cruaiḋ a ḃí orm. Do ṗreab sí.
“Ṁuise im’ briaṫar go raġad,” ar sise.
Ṫáinig oiread bó de ċroiḋe ḋom, a ḋuine. Ḃí Máire Aindí ag gáiriḋe fén scéal.
Nuair a ḃíomair ag imeaċt, arsa Taḋg Óg: “Arḃ aon ċaḃair mise ḋul ’nḃur dteannta?” agus d’ḟéaċ sé ar Nell. Do stad gáire Ṁáire Aindí agus ṫáinig cuma míċéadtaċ uirṫi nuair ḟéaċ sí sa ċúinne ar lorg rud’ éigin. Le n-a linn sin d’ḟéaċ Nell ar Ṫaḋg agus do ḃagair a ceann ċun an dorais.
“Téanam ort,” arsa mise, agus ṫáinig.
Ba ṁór an misneaċ orm é an ḃeirt a ḃeiṫ faram agus me ag dul go dtí an tiġ. Gaiḃeamair an bóiṫrín—mise ar tosaċ agus iad-san im’ ḋiaiḋ agus láṁ Nell i láiṁ Ṫaiḋg, toisc an oiḋċe ḃeiṫ ann is dóċa. D’ḟanadar i ndoras an stábla faid a ḃíos-sa ag dul ar an loċta ar lorg mo ċuid éadaiġ féin agus ’á ċur orm.
Nuair ṫána arís ċúċa ġluaiseamair ċun an tiġe. Ní mise ḃí ar tosaċ an baḃta so am baic! Is i gcoinniḃ mo ċos a ḃíos ag dul ann, a ḋuine.
45