JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG
“Tse! éileaṁ aici ar Ṫaḋg Óg! Agus má tá féin cad a ḃaineann san leis an scéal? Ní ḃíonn san éileaṁ san aċ caiṫeaṁ aimsire; aċ ní haon ċaiṫeaṁ aimsire pósaḋ.”
“Cad é an loċt atá agat ar Ṫaḋg Óg?” arsa Mam.
“Arú, ná bí ag cainnt liom ar Ṫaḋg Óg,” ar sise, “níl aon deáraṁ leis, é féin agus a ṫrí ċéad-go-leiṫ púnt is go ḃfuil an doras ’á ċur isteaċ orm gaċ aon lá age daoine ag teaċt ag taṫant ċeiṫre céad agus ċeiṫre céad-go-leiṫ orm, agus naċ ṡin cúig céad ’á ṫarrac dom age Peats Teaimí.”
“An t-aos, a Ṁáire, an t-aos,” arsa Mam, “b’ḟéidir ná mairfeaḋ sé sin deiċ mbliana eile.”
“Arú, mara mairiḋ sé, féin, ná beiḋ sí ’na bean óg an uair sin, agus ġeoḃaiḋ sí fear eile agus, dá n-abrainn é, spré.”
Ḃíodar tamall eile ag cainnt mar sin, aċ ṫuigeas mar do ḃí an scéal, agus d’éaluiġeas liom amaċ arís tríd an ḃfuinneóig. Tiġ Ṁáire Aindí ḃaineas ar dtúis amaċ. Ní raiḃ aonne istiġ aċ Nell agus rian an ġuil uirṫi.
“Arú, ná bí ag gol i n-ao’ ċor!” arsa mise, “ar ndóiġ ní ṁairfiḋ sé sin deiċ mbliana eile.”
“Cé hé?” ar sise.
“Peats Teaimí,” arsa mise, “agus beiḋ tú id’ ḃean óg an uair sin.” Ṫáinig ḋá ṡúil di agus do las sí go bun a cluas.
“Ḃfuil éileaṁ agat ar Ṫaḋg Óg?” arsa mise. “Duḃairt Mam go raiḃ.”
Ní duḃairt sí aon ní, aċ ḃí sí ar bruaċ ġuil.
“Agus duḃairt do ṁáṫair ná raiḃ annsan aċ caiṫeaṁ aimsire, agus go gcaiṫfeá Peats agus a ċúig céad púnt a ṗósaḋ. Ḃíos ag éisteaċt leo trí ṗoll na heocraċ.”
“Cad duḃradar?” ar sise.
“Duḃairt mo Ṁam gur ṁór an náire tú ṗósaḋ le seanduine,” arsa mise, “agus bíonn an ceart age Mam. Féaċ, a Nell, ná pós Peats san i n-ao’ ċor, agus caḃróċad-sa leat.”
50