Jump to content

Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/62

From Wikisource
This page has been validated.

Caibidiol VIII

PÓSAḊ ṪAIḊG ÓIG AGUS NELL ṀÁIRE AINDÍ

Nuair a ḃíos ag dul aḃaile ó ṫiġ Ṁáire Aindí tar éis ċleaṁnais Ṗeats Teaimí do ḃriseaḋ do Nell, do ġaiḃeas an bóiṫrín agus cé ḃuailfeaḋ liom fén dtor aċ Taḋg Óg.

“Ní gáḋ ḋuit a ḃeiṫ annsan,” arsa mise, “mar ná tiocfaiḋ sí anoċt ċuġat. Tá siad go mór tré n-a ċéile ṫuas, tá cleaṁnas Ṗeats Teaimí briste. Imiġ leat suas. ‘Is olc an ġaoṫ ná séideann do ḋuine éigin.’ N’ḟeadrais ná go mbeaḋ fáilte roṁat. Tá olc ar Ṁáire ċuig Peats Teaimí.”

Ċuireas díom annsan.

Ḃí Mam ar na craoḃaċa roṁam. Ba ḋóbair di mé ḋ’iṫe, a ḋuine, toisc ḃeiṫ ċoṁ fada amuiċ, aċ leigeas di ḃeiṫ ag cur aisti. Ní ’neósainn di cá raḃas, bíoḋ gur ċeistiġ sí go cruaiḋ mé. Níor ḟéadas, áfaċ, gan ḃeiṫ ag gáirí, nuair do ċuiṁniġeas ar Ṗeats Teaimí, agus do ċuir san an cíocras ar fad ar Ṁam ċun fios scéil d’ḟaġáil. Ar feaḋ na hoiḋċe n’ḟéadainn staidéar a ḋéanaṁ ar aon ċeaċt aċ me ag gáirí agus Mam am’ ċeistiú coitianta. Ċuaiḋ an scéal ó smaċt sa deire orm agus ċuireas liú mór gáirí asam nuair do ċuiṁniġeas ar an gcic do ḃuail Peats ar an madra. Ḃí mo ṁáṫair ḃoċt ’á snaoi leis an ḃfiosraċt. Rug sí orm agus ċuir sí im’ ṡuiḋe ar ċeann an ḃúird me agus mo ċosa ar sileaḋ. B’éigean dom an scéal go léir d’innsint, a ṁic ó. Ḃí sí ag leigint uirṫi go raiḃ olc uirṫi ċuġam aċ ċonnac-sa go maiṫ gur ṫaiṫniġ an scéal léi agus ṫugas fé ndeara go raiḃ sí ag gáirí ċúiċi féin. I gcionn tamaill ṫug sí uḃall dom a ḃí i ḃfolaċ aici i n-áit éigin

54