JIMÍN IS AN ṀEIṪEALL AG BAINT NA MÓNA
de ṡáspain, agus púnt de ṫé agus laḋar siúicre; agus ṫug sí ḋom oċt n-únsaí tobac do sna fearaiḃ a ḃí sa ṁeiṫill. Ċuir sí an t-arán go léir i mála agus do ḃuail isteaċ sa trucaill é.
“Seaḋ’ ’nois,” ar sise, “ná bíoḋ sé den riaċ ort aon rud a ċailliúint ar an mbóṫar; agus ná caiṫ an lá ar an mbóṫar nó marḃoċaiḋ na fir tu. Seaḋ, suiḋ isteaċ anois.”
Ṡuiḋeas. Ḃuaileas flíp ar an asal. Ṫug sé léim, agus, ar ṁ’anam! siúd lem’ ċuid sáspan amaċ ar an mbóṫar. Ċuaiḋ an t-asal i ḃfad sarar ḟéadas é stop. Sin cleas aige. Ḃeaḋ sé ag imeaċt leis agus tusa ag tarrac air agus lúb ’na ṁuineál aige agus a ṗus ċoṁ fada siar le n-a eirball aige leis an straiḋn agus ní stadfaḋ Éire é go mbuailfeaḋ sé i gcoinniḃ claiḋe nó rud éigin. Níorḃ aon ṁaiṫ “ḃaoi” a ráḋ leis.
Ṫáinig Mam suas liom leis na sáspain agus duḃairt sí liom go raiḃ ḟios aici go maiṫ go gcaillfinn na sáspain. Sin é deir sí le gaċ rud—go raiḃ ḟios aici féin go maiṫ é. Tá Mam anasmeartálṫa.
B’áil le Dia gur ḃaineas amaċ an portaċ gan aon óspairt eile. Nuair a ṫána ann ḃíodar ag gaḃáil díom i dtaoḃ a ḃeiṫ fada ag teaċt. Ní raḃas fada ag teaċt, aċ is aṁlaiḋ a ḃí an iomad den dúil aca féin insa rud duḃ a ḃí sa ṗróca mór cré. Ní túisce ḃíos tagaiṫe ná ṫógadar as an gcliaḃ é agus fuair gaċ duine aca taoscán sáspain de, aċ Taḋg Óg. Ní ólfaḋ Taḋg Óg i n-ao’ ċor é. Duḃradar go léir gurḃ olc an rud, leis, ḃeiṫ ag ól agus go mbeaḋ daoine ċoṁ maiṫ gan é ḃac; agus do ġuiḋeadar go ḃfágfaḋ Dia Taḋg i ḃfad gan dúil san ól aige; agus annsan ċuiridís féin an sáspan pórtar ar a gceann arís agus d’ólaidís go dríodar é.
Ṫugas fé ndeara na daoine is mó d’ól an pórtar go mbrisidís a lán des na fóid. Ḃris Daid cuid ṁaiṫ fód. Ḃí Taḋg Óg ar an sleán an lá go léir agus ceaṫrar ag píceáil ’na ḋiaiḋ agus iad ag caiṫeaṁ na ḃfód ó ḋuine go duine.
75