PÚCA ḂEIT MÓIRE AR ṪÓIR JIMÍN
ġoideamair ón gcirc a ḃí ar gor aici. Ar ṁ’anam is ar mo ṡláinte gurab ṡin é aduḃairt Taḋg Óg, agus duḃairt sé rud eile—go raiḃ néal uirṫi i dtaoḃ gur ġoideamair oċt gcinn de ṗípeanna tórraiṁ an oiḋċe ḃí sí fé ċlár agus ná duḃramair paidir na cré le n-a hanam.
Ní hag cuiṁneaṁ ar a hanam a ḃíomair, a’ dtuigeann tu leat me, aċ sinn d’iarraiḋ na pípeanna ṫógaint i gan ḟios don scata ban a ḃí istiġ, agus ní raḃas féin go ró ṁaiṫ istiġ liom féin faid a ḃíomair ’á ḋéanaṁ, mar ċeapas gaċ ’ra nóimeat go bpreabfaḋ Beit féin aniar ċun me ġearán le Mam. B’in seanaḃéas aici riaṁ. Níor ṗreab an uair sin agus ṡaoileas gurḃ aṁlaiḋ ná feacaiḋ sí i n-ao’ ċor sinn. Aċ féaċ ná raġaḋ ’oiread uaiṫe!
Ní gáḋ ḋi, ar nós an scéil, ḃeiṫ ċoṁ danarṫa i dtaoḃ na seanaṗípeanna. Nuair ċualamair go raiḃ sí sa ṁullaċ orainn mar ġeall ar an slí ṫógamair iad duḃramair paidir ar son gaċ píp riaṁ aca agus d’iarramair ar Ḋia an suaineas síorraiḋe a ṫaḃairt d’á hanam.
Aċ ṫug Dia an ċluas ḃoḋar dúinn, mar ċonnaic Taḋg Óg an oiḋċe ’na ḋiaiḋ san arís í agus ní haon ṁaolú a ḃí tagaiṫe ar an ḃfeirg aici. Duḃairt sí leis ná sásoċaḋ aon ní í aċ sinn a ċur na bpípeanna i bpoll an ċlaiḋe fé’n dtor sa ḃóiṫrín.
Do ċuir san me féin is Micilín i bponnc. A’ dtuigeann tú, ḃí cuid den dtobac a ḃí ionnta caiṫte agus ḃíomair tar éis ceann aca a ḋíol le Taiḋgín Neillí ar ḋá ṗinginn. B’éigean dúinn Taiḋgín a leagaḋ ċun na pípe ḃaint de—ḃí na pingní caiṫte ’gainn ar ṁísleáin, tá’s agat. Ċuireamair brúscar móna i dtóin gaċ pípe aca a ḃí ólta againn agus cuid den tobac as na ceannaiḃ eile anuas ar a ḃarra. Ṁeasamair, tá’s agat, ná taḃarfaḋ púca Ḃeit Móire fé ndeara an deifir.
Ċuireamair na pípeanna sa ṗoll, leis an lá. Ní raiḃ oiread leisce orm ag scarúint le haon rud riaṁ—pípeanna breáṫa ’á gcur i bpoll claiḋe don bpúca agus an t-uisce ó sna fiacla againn féin le dúil sa tobac!
79