87
ċeann cromṫa air an diġ; agus ṫug se buille ḋó do sgoiltfeaḋ ceann tairḃ. Ṫuit an robáiliḋe cosṁúil le duine marḃ, gan ḟocal gan osna, agus léim Goillís air, agus ġlac sé an eoċair do ḃí ann a ṗóca agus ċuir sé ’nna ṗóca féin é.
“Tarr leat, tarr leat, deun deifir,” ar sé le hingin an riġ, “agus fágfamaoid an áit seó.
“Nár ċoír duit,” ar síse, “do ṗóca do lionaḋ leis an ór sin i dtosac.”
“Ni ’l aon am againn,” ar sé, “aċt béarfamaoid beugán dé linn.” Líon sé a ṗócaiḋ le h-ór agus le cloċaiḃ uaisle, agus líon an óigḃean a h-áprúin agus d’ imṫiġ siad amaċ le ċéile agus ċuir seisean glas air an doras mar ḃí sé, agus riṫ siad leó coṁ luaṫ agus d’ḟeud siad. Ḃí an oiḋċe ag tuitim ’san am só, agus ḃí na speurṫa ag dorċuġaḋ agus ní raiḃ ḟios aca cad é an bealaċ buḋ ċóir dóiḃ imṫeaċt, aċt buḋ ċoma leó sin dá ḃfeudfaḋ siad an uaiġ áiḋḃeul sin d’ḟágḃáil ’nna ndiaiġ.
Riṫ siad agus riṫ siad go raiḃ siad sáruiġṫe, agus ’r éis do ḃeiṫ ag siúḃal le trí no ceiṫre uaire ċualaiḋ siad goṫanna ndaoine agus do luiḋ siad sios annsan