101
UILLIAM AN ĊRAINN.
’San aimsir fad ó ṡoin ḃí ríġ i n-Éirinn. Ḃí sé pósta le bainrioġan áluinn agus ní raiḃ aca aċt aon inġean aṁáin. Buaileaḋ an ḃainrioġan tinn, agus ḃí ḟios aici naċ mbeiḋeaḋ sí ḃfad beó. Do ċuir sí an riġ faoi geasa’ naċ bpósfaḋ sé arís go mbeiḋeaḋ an feur troiġ air fad os cionn a h-uaiġe. Ḃí an inġean glic, agus ṫéiḋeaḋ sí amaċ uile oiḋċe le siosúr agus do ġearraḋ sí an feur síos go talaṁ.
Ḃí dúil ṁor ag an riġ bean eile do ḃeiṫ aige, agus ni raiḃ ḟios aige cad fá naċ raiḃ an feur ag fás os cionn uaiġe na bainrioġna. Duḃairt sé leis féin, “tá duine éigin dom’ ṁeallaḋ.”
An oiḋce sin, ċuaiḋ sé ċum na cille, agus ċonnairc sé an inġean ag gearraḋ an ḟéir do ḃí air an uaiġ. Ṫáinig fearg ṁór air, ann sin, agus duḃairt sé, “pósfaiḋ mé an ċeud ḃean a ḟeicfeas mé, biḋeaḋ sí óg no sean.” Nuair ċuaiḋ sé amaċ air an mbóṫar ċon- nairc sé sean-ċailleaċ. Ṫug sé abaile í agus ṗós í, mar naċ mbrisfeaḋ sé a ḟocal.