103
Ċuaiḋ an ríġ aḃaile, agus d’ḟás crann as a ċois, agus b’ éigin dó an ḟuinneóg d’ḟos- gailt le bárr an ċrainn do leigint amaċ.
Ḃí duine-uasal dul anaice leis an g-coill agus ċualaiḋ sé inġean an ríġ ag sgreadaoil. Ċuaiḋ se ċum an ċrainn agus nuair ċonnairc sé an rioċt a raiḃ sí ann, ġlac sé truaġ ḋi, agus rug sé aḃaile leis í, agus nuair fuair sí biseac ṗós sé í.
Faoi ċeann trí ráiṫe ḃí triúr mac ag in- ġean an riġ d’ aon ġeineaṁain aṁáin, agus nuair rugaḋ iad ṫáinig Graine-óiġ agus do ċuir sí cosa agus láṁa air inġin an ríġ, agus duḃairt léiṫe, “na leig dod’ ċloinn ḃeiṫ baiste go mbéiḋ siad ionnánn siúbḃal tá crann ag fás as ċois d’aṫar; gearraḋ é go minic, aċt fásann sé arís agus is agad-sa atá a leiġeas. Ta tu faoi ṁionna gan na neiṫe a ċonnairc tu do leas-ṁáṫair a’deunaṁ d’inn- sint do ḋuine air biṫ aċt do ṫriúr nár baisteaḋ ariaṁ, agus ċuir Dia an triúr sin ċugad. Nuair a ḃeíḋ siad bliaḋain d’aois taḃair go teaċ d’aṫar iad, agus innis do sgeul a láṫair do ṫriúir ṁac agus cuimil do láṁ air ḃonn an ċrainn, agus béiḋ d’aṫair coṁ maiṫ agus ḃí sé an ċeud-la.”
Ḃí iongantas mór air an duine-uasal