vi
siór-náire air Éirinn dá leigfeaḋ sí d’á Gaeḋeilg féin fáġail báis. Ċonnairc tu naċ raiḃ na h-Éireannaiġ ag taḃairt aon aire do’n teanga a ḃí dá laḃairt ’nna measg ceud bliaḋain ó ṡoin ó Ṁáilionn go Sgibirín, agus ó Ċuan-na-mara go geataiḋ’ B’l’acliaṫ, agus ċuir tu róṁad do ḋíṫċioll do ḋeunaṁ ċum an tsean-ṫeanga, do ċongḃáil beó.
Ċum congnaṁ do ṫaḃairt do’n obair naoṁṫa so, d’iarr tu orm-sa Leaḃar Sgeulaiġeaċta do sgríoḃaḋ agus do ċur i g-cló. Rinne mé sin ċoṁ maiṫ agus d’ḟeud mé—Sgríoḃ mé síos cuid de na sean-sgeultaiḃ a ċualaiḋ mé féin ameasg na ndaoine, gan mórán–agus i n-áiteaċaiḃ gan focal air biṫ–d’aṫruġaḋ, agus má tá tusa sásta leis, ní ḃéiḋ aon aiṫreaċa orm-sa. Má ḃfáġaiḋ tusa spéis air biṫ i m-obair-se is leór dam mo ṫuarasdal.
Leig dam a Ḋuine-uasail ainm na h-Aondaċta Gaeḋeilge do ċeangailt le d’ainm-se annsan roiṁ-ráḋ so, anmanna na n-daoine-uasal sin a oifreálas go toilteannaċ, mar ṫu féin, a n-uain a n-obair agus a n-airgiod air son cúise na Gaeḋeilge. Fuair mé congnaṁ a ḃí ró riaċtanaċ dam ’om’