109
ṁic,” ar sé, “tá ’s agad go raiḃ gráḋ mór agam ort go dtí seó, agus níor ċoisg me ṫu cia bé rud do rinne tu, agus ċongḃaiġ mé airgiod go leór leat, agus ḃí súil agam an teaċ agus an talaṁ so agus mo ṁaoin uile d’ḟágḃáil agad-sa i ndiaiġ mo ḃáis, aċt ċualaiḋ mé sgeul dod’ ṫaoiḃ go déiġionaċ do ċuir gráin agus déistion orm. Ni ṫig liom innsint duit an brón do ḃí orm a leiṫeid sin de rud do ċlos, agus innsim duit anois go soiléir muna bpósfaiḋ tu an cailín sin fágfaiḋ mé mo ṫalaṁ agus mo ṁaoin ag mac mo ḋearḃráṫar. Ni ṫig liom a ḃ’ḟágḃáil ag duine a ḋeunfas úsáid dioḃ coṁ h-olc sin agus do ḋeunfá-sa, ag meallaḋ na mban agus ag breugaḋ na g-cailín. Socruiġ leat féin anoċt an bpósfaiḋ tu an óigḃean sin agus mo ṫalaṁ uile d’ḟáġail mar spré léiṫe, no an ndiultóċaiḋ tu í, agus d’oiġreaċt do ċailleaṁain, agus innis dam air maidin cia aca de’n dá rud do ṫoġ tu.”
“Oċ damnaḋ síorruiḋe! a aṫair, ni ḋeunfá sin; céud míle mallaċt, ní ḋeunfá sin do ṁac atá ċoṁ maiṫ a’s atá mise! Cia duḃairt leat naċ bpósfainn an cailín?” Aċt ḃí an t-aṫair imṫiġṫe. Ḃí ḟios go